Éamonn_an_file
banner
gloosh.bsky.social
Éamonn_an_file
@gloosh.bsky.social
19 followers 42 following 34 posts
File Gaeilge & Béarla / Poet in Irish and English Idir Inné agus Inniú — writing between yesterday and today. #Gaeilge #FilíochtGhaeilge #Dánfhocail #Poetry #BilingualPoetry
Posts Media Videos Starter Packs
#Gaeilge #Caoineadh
Thar barr. Is iontach agus difriúil iad An bheirt, óna chéile agus lena chéile.

Ar an sean-nós:caoineadh domhain, ó chroílár nochtaithe, briste —
buairt á scaoileadh, ní lena chlos ach lena bheith.

Leagan nua-aimseartha:caoineadh mar scairt — le clos, le haithint, le feiceáil.
#Gaeilge #Filíocht #Filíochtóbhéal

Thar barr, go n-éirí libh!

Bheadh sé iontach a leithéid a bheith ar an idirlíon dúinne scaipthe agus thar lear.
Verse so very well spoken.

Mo cheol thú!
#Gaeilge #Nádúr #Dánfhocail #Nuacumtha

“Ar tí eitilt”

Ar bharaicín-bíseach
Mar na héin rompu
Na héin - críocha úra
An duilliúr - a gcríoch curtha
#Gaeilge #Greann #Imeartasfocail
Má bhíonn siad chomh fada sin, is long iad!
Agus ní le haon (le héan?) dea-ghuí!

🤣
#Beoir #Gaeilge

Mar a dúradh liom tráth: Tiocfaidh an meisce óna cosa aníos, ní ón gceann anuas (mar is gnáth) … bí aireach!
#Nádúr #Beacáin #Nature #Mushrooms
Malcolm Knapp Forest, BC, Canada

Áilleacht na foraoise:
Beacáin faoi chlúdach na gcrann
#Gaeilge #Filíocht
Teach an Pháir

Foiche chónaitheach ag
Cogaint, urlacan
Ón gob amach
Seo é a teach –
Cealg i bpár
Ó bhun go barr

I scríbhinn dhaonna,
Cogaint, urlacan
Ón gob amach
Gach aon neach –
Cealg i bpár
Nach mór an náir’?

Nóta:
Foiche chónaitheach = steadfast wasp
Cealg = sting / deceit
#Gaeilge #Filíocht #Nádúr
“Druid na Duilleoga”

Ábhar crainn
Dubh, donn, ithreach
Ar an talamh
Scaipthe

Ina measc
Le bogadh ciúin
Druid

De phreab
Suas
Ar ghéag

An crann
Arís
Clúdaithe

Anois
An duilleog chleitreach seo
Ag titim
Suas san aer

Go nochtfar an crann
Athuair

Nóta: Druid = Starling
#Gaeilge #Dánfhocail

As a aithle sin

As a aithle siúd

Gach a bhfuil ann
Ar thuras a lorg

Gach a raibh ann
Deacair a lorg
#Gaeilge #Dánfhocail #DeireadhFómhair

“Deireadh Fómhair”

An t-aer
Fionnuar

Ar a bhealach
Síos

Go pógfar an talamh

Fionn-fuar

Le sioc mín

Le sneachta íon
#Gaeilge #Dánfhocail

Cuireann na focail an tsamhail amú
Cuireann an tsamhail na focail amú

Dhá éan
Ón nead chéanna

Ag eitilt
Scartha amach
Óna chéile
Agus glaotar beacáin orthu (go ginearálta), freisin.
Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Cáin an óige agus loitfear í.

Beir bua !
Éist le hamhráin, éist leis an raidió, bí páirteach i gcomhrá comh minic agus is féidir leat.

Beir bua!

Listen to songs and the radio to hear the language in its rhythm and form. Don’t worry about understanding everything. Read poems and translate them if you can.

Take your time and good luck!
#Gaeilge #Dánfhocail #Filíocht

Níl sa cháineadh
Ach cáin gan chúis
Don té nach bhainfidh
Maitheas ar bith
Ó dhuine ar bit
“Duil-fhómhair” deireadh fómhair
#Gaeilge #Dánfhocail #Nádúr

“Crainn”

Nach ait iad na crainn?

Caitheann siad uatha a gcótaí sa gheimhreadh.

Crochann siad orthu arís iad, sa samhradh.
#Gaeilge #frithchiníochas
Cogar!
Tá an-iomad acu ann
Gach a raibh againn, gann

Éist!
Níl uathu ach déirc,
Gan orthu ach giobail

Fainic!
Ag fáil lámh in uachtar,
An bhagairt, soiléir
“You’re not welcome here!”

Faraoir!
Tuiscint, gaolacht —
Bánaithe, ar lár

Is Éire?

Ní nósfainn cé hí
#Gailge #Frithchiníochas

Dúinne thar lear — agus muid le fada an lá ar an taobh eile den tsráid — agus an seafóid chéanna dírithe orainn. Ár bhféachaint: scanraithe, náirithe, feargach.
#Gaeilge #Dán-freagra #frithchiníochas
Cogar!
Tá an-iomad acu ann
Gach a raibh againn, gann

Éist!
Níl uathu ach déirc,
Gan orthu ach giobail

Fainic!
Ag fáil lámh in uachtar,
An bhagairt, soiléir
“You’re not welcome here!”

Farfaoir!
Tuiscint, gaolacht —
Bánaithe, ar lár

Is Éire?
Ní nósfainn cé hí
#Gaeilge #Dánfhocail #Nádúr

“Eanach”

Sáraíonn an t-uisce an talamh

Sáraíonn an talamh an t-uisce

Uisce sa talamh

San uisce