Dennis King
@kingdonncha1.bsky.social
710 followers 360 following 8.9K posts
Alces monnes lif bið sumes monnes lar. Is ceacht do dhuine éigin saol gach duine. sa tuiseal gairmeach: a Dhonncha, a Dennis, do Mhórgacht
Posts Media Videos Starter Packs
kingdonncha1.bsky.social
🔥💥⚡️ Mar is fearr imreas ná uaigneas.
kingdonncha1.bsky.social
Corpus Iuris Hibernici 917.18
Rinne Kelly cúpla tagairt eile do CIH sa pharagraf sin.
kingdonncha1.bsky.social
Níl an leabhar agam (fós) ach tá mé ar bís anois an dán sin a léamh! An mbeadh éinne sásta an dán nó cuid de a thabhairt dúinn anseo? @laoighseach.bsky.social
kingdonncha1.bsky.social
Seo iarracht, más féidir libh í a úsaid. Fáilte roimh eagarthóireacht ⁊c., ar ndóigh. @murchadhmor.bsky.social
(Níor chuir mise aon rud ar wiki riamh agus níor athraigh mé aon rud a bhí air ach oiread.)
kingdonncha1.bsky.social
Nach féidir linne splancadh fós? Ó am go ham ar aon nós?
kingdonncha1.bsky.social
Tá gluaiseacht an oighearshrutha ó thuaisceart go deisceart ar dtús agus ansin an leá sa treo eile a d’fhág an tírdhreach
druimíneach ina dhiadh an-soiléir sa phic seo. Mharcáil mé mo dhruimín féin le saighead.
kingdonncha1.bsky.social
TIL Tá cónaí orm ar “drumlin”. Is téarma geolaíochta a úsáidtear go hidirnáisiúnta. Is focal Gaeilge ó thús é. Céard atá ann? Cnoc fada a d’fhág oighearshruth ina dhiaidh.

droim > droimne (ridge) > droimnín (little ridge) > drumlin
kingdonncha1.bsky.social
Feicim anois nach bhfuil ach iontráil iomlán amháin do “cú glas” i Wikipedia … agus tá sí i mBreatnais. 🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿 Aistriúchán dá bhfuil in ”Early Irish Law” atá ann den chuid is mó. @vicipeid.bsky.social @murchadhmor.bsky.social @aledllion.bsky.social
kingdonncha1.bsky.social
An míniú thíos a bhuí le Fergus Kelly:
kingdonncha1.bsky.social
Dála an scéil, tá “faoi faraibh” suimiúil (domsa) toisc nach minic a fheictear an réamhfhocal “fara” in úsáid agus ní fhaca mé an dá fhorainm réamhfhoclach sin i ndiaidh a chéile riamh.
kingdonncha1.bsky.social
Sách soiléir?
Léivític 19:33-34
kingdonncha1.bsky.social
Lá Idirnáisiúnta an Bhracháin: 10 Deireadh Fómhair
www.sengoidelc.com/search?q=bit...
seomranuachta.bsky.social
Amárach ar an SN/NuachtAnois: Súil chun cinn ar 𝗟𝗮́ 𝗮𝗻 𝗕𝗵𝗿𝗮𝗰𝗵𝗮́𝗶𝗻 – bhí áit lárnach ag an bhrachán riamh anall ar bhiachlár na nGael. Rud beag eolais ar stair an bhracháin agus ar an fhocal sa Ghaeilge inniu. www.leighanois.com/alt?uimh_ail...
kingdonncha1.bsky.social
Tá athrú analachúil ann. Simpliú a thagann as go minic, ach ní i gcónaí. Má tá suim agat ann: en.wikipedia.org/wiki/Analogi...
kingdonncha1.bsky.social
Aha. Cor cainte curtha as a riocht, ar nós:

for all intensive purposes

with baited breath

wet your appetite

a mute point
kingdonncha1.bsky.social
An é an chaoi go gcuireann an focal sin “decadence” i gcuimhne duit?
kingdonncha1.bsky.social
Seo sampla nach nua ó Rann na Feirste agus sampla níos nua a scríobh Mártan Ó Ciartha a rugadh i gCois Fharraige.
Bhí “scél” neodrach i Sean-Ghaeilge. B’fhéidir gur mhair sé gender queer. 🤔
nuair ba mhalairt scéile a bhí ann Chá deachaidh sé ar chúl scéile leis.
kingdonncha1.bsky.social
Ar feadh meandair bhí deis ag an bhfear leis an gclaíomh áit bhuan a ghnóthú dó féin i stair an domhain.
kingdonncha1.bsky.social
Tá “mustar gan ghustal” againn faoi chur i gcéill. “Caint gan chorraí”?
Reposted by Dennis King
strictlychristo.bsky.social
Greta Thunberg speaks to the press after being released from illegal detainment in Israel: "I could talk for a very, very long time about our mistreatment and abuses in our imprisonment. Trust me, but that is not the story.”
kingdonncha1.bsky.social
Féach “seisc” agus “seasc” san fhoclóir céanna. Is ón gcéad cheann a tháinig “seascann” ach ar ámharaí an tsaoil neartaíonn an dara focal a bhrí. @riadach.bsky.social
kingdonncha1.bsky.social
Céard faoi “Jenny Coogan, curadh calma na cnocadóireachta”? 💪🏼💪🏼💪🏼