Vincent Morley
@vmstarai.bsky.social
160 followers 17 following 400 posts
B.A. (UCD, 1989), M.Phil. (UCD, 1992), Ph.D. (Liverpool, 1999). Tá suíomh pearsanta agam ag: www.vmorley.org
Posts Media Videos Starter Packs
vmstarai.bsky.social
Is pobal inimirceach iad Rúisigh na hEastóine. D'fhéadfaí iad a chur i gcomórtas le Turcaigh sa Ghearmáin, ach amháin go raibh an Ghearmáin saor nuair a tháinig na Turcaigh. Más mian le Rúisigh na hEastóine comhchearta a bheith acu leis an bpobal dúchasach, foghlaimídís teanga na tíre! 3/3
vmstarai.bsky.social
Formhór na Rúiseach atá san Eastóin, lonnaigh siad féin nó a sinsir sa tír nuair a bhí sí faoi fhorghabháil an Aontais Shóivéidigh: d'ardaigh líon na Rúiseach go dtí 30% den daonra sa tréimhse sin. Tá coilíniú na gcríoch gafa i gcoinne an dlí idirnáisiúnta (airt. 49 de Choinbhinsiún na Ginéive). 2/3
vmstarai.bsky.social
Ba Rúisigh iad 8% de dhaonra na hEastóine roimh 1940. Aistríodh na ceantair ar an teorainn ina raibh Rúisigh sa mhóramh ón Eastóin go dtí an Rúis nuair a ghabh an tAontas Sóivéideach an tír agus baineann na ceantair sin leis an Rúis i gcónaí. Bhí líon na Rúiseach cuid mhaith faoi bhun 8% ansin. 1/3
vmstarai.bsky.social
Sílim go bhfuil cúis amhrais i bhfad níos déanaí ná sin acu ...
vmstarai.bsky.social
The latest edition arrived this morning. There's plenty to read over the coming months, but I'll start with the article on Éadbhard de Nógla's political verse.
vmstarai.bsky.social
Agus is aisteach liom go bhfuil 'An Litir' istigh ag uimhir 3 cé gur fágadh an dá leabhar eile sa tsraith ar lár. Ar chaith na léirmheastóirí leis an tríológ mar shaothar amháin? Ní fheadar, ach bhraitheas gur bhain an tsraith an ard-chaighdeán céanna amach ó thús go deireadh. 3/3
vmstarai.bsky.social
Is cúis iontais dom nach bhfuil 'Scéal Ghearóid Iarla' le Máire Mhac an tSaoi istigh. An amhlaidh nach raibh sé fada go leor chun na léirmheastóirí a shásamh? Ní fheadar, ach sílim gur seoid bheag de leabhar é agus bheadh sé go hard ar mo liosta pearsanta - ag uimhir 4 nó 5. 2/3
vmstarai.bsky.social
Tháinig mé suas leis an eagrán reatha de 'Comhar' faoi leabhair Ghaeilge an 21ú céad. Thaitin an léirmheas a scríobh @darachoscolai.bsky.social ar 'Ó Chéitinn go Raiftearaí' liom. Níl san íomhá thíos ach an chéad leath agus beidh oraibh an iris a cheannach chun an dara leath a léamh! 1/3
vmstarai.bsky.social
Bhí jóc sa bhunleagan: 'Seoirse Brian Seoighe' mar Ghaelú seafóideach ar 'George Bernard Shaw'. Ach má tá jóc sa leagan nua ní léir domsa é. Ar ndóigh, má bhíonn imeartas focal idir teangacha A agus B sa bhunleagan, cruthóidh sé deacrachtaí don aistritheoir atá ag scríobh i dteanga C.
vmstarai.bsky.social
'George Brian Joyce'? Pienso que no!
vmstarai.bsky.social
Tá lucht tacaíochta na Palaistíne ag cruinniú ...
vmstarai.bsky.social
Sure god be with poor old Louis Althusser and his 'autonomy of the superstructure'. It was all the go in my day.
vmstarai.bsky.social
Anseo, agus ar ardán Elon freisin.
vmstarai.bsky.social
Bheadh drogall orm a rá nach bhfuil bunús ar bith leis an ráiteas úd sa Mhúsaem ...
bsky.app/profile/dara...
darachoscolai.bsky.social
An-oíche sa Taidhbhearc @oirnagaeilge.bsky.social aréir, agus dinnéar ceiliúrtha i Rúibín le scríbhneoirí agus criú Leabhar Breac ina dhiaidh: Alan Titley, Antain Mac Lochlainn (buaiteoir Ghradam Réics Carló), Siuán Ní Mhaonaigh, Anna Ní Chartúir agus Aifric Ní Scolaí. @antainmac.bsky.social
Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh, Darach Ó Scolaí, Anna Ní Chartúir agus Aifric Ní Scolaí i Rúibín, Gaillimh.
vmstarai.bsky.social
Ach glacann an dá dhream sin le caighdeán oifigiúil an tSaorstáit. Is iad lucht 'Éirghighidh' na fíor-phoblachtaigh.
vmstarai.bsky.social
Ba dheacair a shéanadh go bhfuil dhá chumhacht impiriúla níos measa ná cumhacht impiriúil amháin ...
vmstarai.bsky.social
'Scríobadh an Priscian i mionscript Oileánach' go deimhin! Ní raibh fón agam le pictiúir a ghlacadh inniu.
vmstarai.bsky.social
This isn't too surprising really: after all, the Comintern explained at the time that the Anglo-French imperialists had encouraged Poland to provoke Herr Hitler ...
antongerashchenko.bsky.social
❗️Putin's logic:Poland has provoked Hitler who wanted to find a peaceful solution:

Poland made many mistakes.Germany offered to resolve the issue of Danzig&the Danzig Corridor peacefully.The Polish leadership at the time categorically refused&,in the end, became the first victim of Nazi aggression
vmstarai.bsky.social
B'aisteach liom gur aistríodh an rann sean-Ghaeilge dar tús 'Is acher in gáith in-nocht' ar an gcomhartha Béarla ach nár aistríodh é ar an gcomhartha Gaeilge. An síleann lucht an Mhúsaeim gur féidir leis an nGaeilgeoir cothrom filíocht Shean-Ghaeilge a thuiscint gan stró? 6/6
vmstarai.bsky.social
Tá blas na foclóirise ar roinnt de na téarmaí eile a úsáidtear sa taispeántas. Aistríodh 'script' (= stíl pheannaireachta) mar 'script', cuirim i gcás. Tá a fhios agam go n-úsáideann lucht teilifíse an téarma sin ach tá ciall eile ar fad le 'script' i gcomhthéacs an taispeántais. 5/6
vmstarai.bsky.social
Agus ní léir dom gurb é 'oileánach' an Ghaeilge is fearr ar 'insular' sa chomhthéacs seo. Is é 'inseach' an téarma a bheidh in úsáid agam sa Magnum Opus atá ar na bacáin cibé ar bith - agus sin an téarma a úsaideadh in 'Stair na Gaeilge' le MacCone et al. 4/6
vmstarai.bsky.social
Thairis sin, níl sa téacs Gaeilge ach aistriúchán focal-ar-fhocal: b'fhéidir gur gá 'insular' a mhíniú don Bhéarlóir ('from islands') ach an bhfuil Gaeilgeoir ar bith ann nach dtuigeann cad is brí le 'oileánach'? Mínítear dúinn é mar 'ó oileáin', ar eagla na heagla. 3/6
vmstarai.bsky.social
Ach caithfear a rá nach bhfuil caighdeán na Gaeilge ar na comharthaí sásúil. Tá siad breac le botúin ghramadaí: 'Éire' sa t. tabharthach mar shampla, nó leithéidí 'an domhain oileánach' - leagan ina bhfuil an t-ainmfhocal sa t. ginideach agus an aidiacht sa t. ainmneach. 2/6