Na Gaeil Óga, CLG
banner
nagaeiloga.bsky.social
Na Gaeil Óga, CLG
@nagaeiloga.bsky.social
53 followers 20 following 140 posts
Cumann lán-Ghaeilge BhÁC. Páirc an Fhionnuisce is Leamhcán. Foirne fásta: peil na bhfear, peil na mban, iomáint, camógaíocht. Páistí: 3-18 mbliana
Posts Media Videos Starter Packs
Dé hAoine, 21 Samhain, 7.30pm. Smock Alley BÁC, Ticéid €12/15 . Ceol ó Colm O Snodaigh, filíocht ó Cholm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dara Ó Cinnéide, sleachta as craoltaí Mhíchíl smockalley.ticketsolve.com/ticketbooth/...
Ticketbooth
smockalley.ticketsolve.com
Beidh Mícheál Ó Muircheartaigh, cara mór leis Na Gaeil Óga á cheiliúradh mar chuid d'fhéile Imram i mbliana. Cloisfear dán úrnua ón bhfile tréitheach Colm Mac Gearailt (foireann peile A NGÓ) mar chuid den ócáid freisin.
Reposted by Na Gaeil Óga, CLG
Scoth na rapála Gaeilge.

Déardaoin 20/11/25

Bígí linn!

@suil.amhain @ushmush.pkg @amanoanseo @julie_goo_poetry @hammysg1th @oisinmacgiolladhaltuin @torbeezy @jamesshannonmusic @miseciara @cuan.deburca

@ImramFeile

www.eventbrite.ie/e/ceolta-an-...
Reposted by Na Gaeil Óga, CLG
Bígí linn ag GaelGÁIRÍ an Oireachtais! 10pm Dé Sathairn, Bálseomra (Cuid 4-5) Leibhéal 1, Óstán Europa. @oirnagaeilge.bsky.social
Táimid uilig ag súil go mór leis an chraobh anois. Beimid amach in éadan Réaltaí na hÉireann an Domhnach seo chugainn.

Ar aghaidh linn 🔵🟡
Rinne Joe Foley agus Eoin P Ó Murchú obair na gcapall ag dul faoin liathróid ó ná ciceanna amach, ag baint chor a bheith gach ceann sa dara leath.

Bhí sár chluiche ag Oisín Ó Cualáin sna cúlaithe, ag déanamh díshealbhú ar a fhear agus ag toiseacht ionsaí gasta ina dhiaidh.
Na Gaeil Óga 0-12 1-8 Teampall Óg Sráid Synge

Cluiche dúshláin deacair sa teas inné don fhoireann B. Bhí fáilte mhór roimh an mbriseadh uisce!

Le cúpla deis curtha ar foraíl, agus muid síos 0-04 go dtí 1-5 ag leath ama, bhí a fhios againn go raibh orainn rud éigin a athrú sa dara leath.
Agus aimsir na craoibhe buailte linn, caith súil ar chuid de na himreoirí a bheidh ag dul chun páirce ar son Na Gaeil Óga!
Agus aimsir na craoibhe buailte linn, caith súil ar chuid de na himreoirí a bheidh ag dul chun páirce ar son Na Gaeil Óga!
Agus aimsir na craoibhe buailte linn, caith súil ar chuid de na himreoirí a bheidh ag dul chun páirce ar son Na Gaeil Óga!
Agus aimsir na craoibhe buailte linn, caith súil ar chuid de na himreoirí a bheidh ag dul chun páirce ar son Na Gaeil Óga!
A chairde, beidh an chéad chluiche craoibhe eile ag an bhfoireann sinsir iomána i bPáirc Naomh Caitríona amárach ag a 11r.n. i gcoinne Naomh Olaf. Táimid ag iarraidh cur lenár rath tar éis bua maith a fáil an tseachtain seo chaite, mar sin bhéimís an-bhuíoch as aon tacaíocht atá ar fáil 🔵🟡
Beidh an fhoireann A ag dul chun páirce amárach i gcoinne Naomh Sailbheastair i nGort na Giolcaí. Bígí linn!

Seo Scéal na nGael!
Agus aimsir na craoibhe buailte linn, caith súil ar chuid de na himreoirí a bheidh ag dul chun páirce ar son Na Gaeil Óga!

Cuireadh tús leis an bhfeachtas craoibhe aréir agus an fhoireann B ag tabhairt aghaidh ar Scoil Uí Chonaill.
D'imir Shane Mac Amhlaoibh as a chraiceann amach inniu i suíomh nár imir sé ariamh - uimhir a 3. Post lárnach, ach luigh sé isteach air ar nós iasc san uisce!

Cluiche amháin fágtha sa tsraith anois. Ag lorg ardú céime.

Ar aghaidh linn 🔵🟡
D'éirigh le hAlan Ó Rothlain 1-3 a bhaint amach ina chéad cluiche ar ais ó ghortú - d'aimsigh sé cúl le dorn láidir, tar éis cicphas ard isteach ó Niall O' Connor.
Na Gaeil Óga 1-17 0-10 Fánaithe Bhaile Bhaodáin

Bua láidir ag na leaids anocht i sléibhte Bhaile Átha Cliath.

Bhí Brian Cronin lárnach san imirt i lár na páirce, ag aimsiú na liathróide seacht n-uaire as a chéile as cic amach an fhreasúra.
An cuimhin le héinne cén uair a bhí an póstaer seo á scaipeadh againn? Táimid ag tabhairt adhmaid dó go fóill gan amhras, bígí linn!
Bhí taispeántas ar fheabhas ag James Knoblauch i lár na páirce, ag iompar na liathróide chun tosaí agus ag aimsiú cúilín sa bhomaite deireanach.

Dhá chluiche fágtha sa tsraith anois. Dhá bhua uainn.

Ar aghaidh linn 🔵🟡
Bhí cluiche fíochmhar ag Seán Grennan, ag eagrú na gcúlaithe nuair a bhí an freasúra ag ionsaí.

D'éirigh le hAodán Ó Broin dhá chúl a aimsiú ón líne leathchúil, ag rince timpeall na gcúlaithe sa dá choirnéal.
Na Gaeil Óga 2-11 0-12 Na Dubh Ghall

Bua láidir don fhoireann B inniu in éadan foireann atá sa dara áit sa tsraith. Le leaids ar saoire, agus cúpla leaids gortaithe, sheas na leaids uilig suas chun troid cheart a thabhairt.
Cúl deas ó Éanna Ó Mainnín don fhoireann iomána B
Imreoimid an dream seo sa chraobh i gceann trí seachtaine agus cinnte go mbeimid ag iarraidh an ceann is fearr a fháil orthu an chéad uair eile 💪🔵🟡
Anthony Ó Riordán le taispeántas fíochmhar eile ónar thosaigh sé linn agus Oisín Tully a bhí ar ais linn aréir. Cúil den scoth aimsithe ag Adam Wixted, Éanna Ó Mainnín agus ceann amháin roinnte idir Oisín Tully/Tom de Paor!
Cluiche an-thaitneamhach aréir ag an bhfoireann B cé nár bhuaigh muid. Caisleán Cnuacha 5-10, NGÓ 3-13 sa deireadh. Moladh mór do Chormac Cooper, Colm Ó Muilleoir agus Niall Ó Conchúir a raibh a gcéad chluiche acu,