Eoin P. Ó Murchú
murchadhmor.bsky.social
Eoin P. Ó Murchú
@murchadhmor.bsky.social
Is mise Big Gaeilge na Gaeilge Bige
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
"Leabhairín gleoite" arsa Eoin P. “Tá spraoi ann, agus an-ghreann!”
January 26, 2026 at 9:45 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Do bhaineas ana-shúp as an leabhar seo. Thar a bheith fileata agus greannmhar. Is iontach an rud é go bhfuil seanscéalta mar seo ar fáil sa Nua-Ghaelainn anois.
January 26, 2026 at 8:53 PM
Sadhbh le Darach Ó Scolaí

Leagan nua den seanscéal Ceiseamh / Ceasacht Iníne Ghuile

@leabharbreac.bsky.social
@darachoscolai.bsky.social

youtu.be/zqoJuED3j0s
Sadhbh, Darach Ó Scolaí
YouTube video by Eoin P. Ó Murchú🇵🇸
youtu.be
January 26, 2026 at 5:32 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
I mBotsuána dom um an dtaca seo an tseachtain seo caite a chonaic mé tréad eilifint idir bheag agus mhór ag dul ar aistear go hoileán i lár locha.
January 24, 2026 at 10:43 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Ag caitheamh cúpla imodium san aer, mar tá sé ina sciodar baistí anseo inniu
January 23, 2026 at 4:39 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Is fiú éisteacht siar le hAifreann an Domhnaigh ag an Oireachtas anuraidh. Fóill, fóill!

@lillis.bsky.social ag gabháil 'Síos 'un tobair a ghuí'(Down to the river to pray). Tá sé go hálainn ar fad. Chuala mé é cupla seachtain ó shin agus chuaigh mé a chuartú.

Ag 2:00
www.rte.ie/radio/rnag/a...
Aifreann an Lae Dé Domhnaigh 2 Samhain 2025
Aifreann an Domhnaigh ó Séipéal Naomh Muire, Lána an tSéipéil, Béal Feirste.
www.rte.ie
January 23, 2026 at 4:33 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Feictear dom go bhfuil gnéithe áirithe de Ghaeilge na Mumhan le brath anseo agus ansiúd sa chnuasach gearrscéalta 'Dúil' le Liam Ó Flaithearta:

thosnaigh, do shil, do bholaigh, feiscint ...

Cén fáth sin? Ba as Árainn dó.

Tionchar eagarthóirí Sáirséal agus Dill?
Tionchar an Athar Peadar?
January 22, 2026 at 6:59 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Suíomh nua ag Club Chonradh na Gaeilge! anclub.ie

Beidh an t-eolas uilig faoi imeachtaí éagsúla an Chlub ar fáil ar an suíomh agus is féidir ballraíocht as an nua a ghlacadh ag anclub.ie/ballraocht.

Buíochas le @anbarrach.bsky.social a chuir le chéile é.
January 22, 2026 at 11:56 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
An bhfuil tú ag tógáil leanaí ag a bhfuil riachtanais bhreise acu?

Iarrann Teanga Tí agus @glornangael.bsky.social oraibh an suirbhé gearr seo a líonadh isteach.

form.jotform.com/260084789783...
Suirbhé: Teaghlaigh ag Tógáil Leanaí le Gaeilge sa Bhaile agus le Riachtanais Bhreise
Please click the link to complete this form.
form.jotform.com
January 22, 2026 at 3:09 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Adhlacfar an mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna i Séipéal an Ghairdín, Cnoc Iaróim, Dé Sathairn. rip.ie/death-notice...
Death Notice of Seán Mac Mathúna (Dun Laoghaire, Dublin) | rip.ie
The death has occurred of Seán Mac Mathúna of Dun Laoghaire, Dublin Ireland, on 27/12/2025. You can view the full death notice and add your condolences here.
rip.ie
January 22, 2026 at 1:08 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
An dúshlán is mó atá agam ar an ardán seo ná go mbeidh orm ábhar agus nós giolcaireachta nua a chruthú dom féin nach bhfuil bunaithe ar eitneanáisiúnaithe is seoiníní a throlláil i nGaeilge.

Bhí sé ar nós a bheith ag bualadh tóin bó le sluasaid ach tá na ba céanna gann anseo.
January 21, 2026 at 7:40 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Aon seans go bhfuil na comhaid fuaime don leabhar 'Iomramh Bhréanainn' le Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy) ag aon duine? Is cosúil go raibh siad ar fáil ar ansagart.ie tráth, ach níl ann don suíomh sin a thuilleadh, faraor.
November 24, 2025 at 6:15 PM
Is fiú breathnú air seo. Scannán agus na fíorthaifeadtaí measctha tríd. Cailín 6 bliana d'aois timpeallaithe ag corpáin a muintire. Eagla soineanta uirthi roimh an dorchadas atá ag bagairt. Córas ⁊ domhan nár thug cabhair di, nach bhfuil feidhm leis.
January 21, 2026 at 1:47 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Cad a dhéanfaimid feasta gan "an t-ord riailbhunaithe", tá deireadh chinsil na bPoncánach ar lár.

Níl trácht ar an dlí idirnáisiúnta, bhfuil tada romhainn ach scrios agus ár?
January 21, 2026 at 11:07 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Má tá sibh tar éis bogadh ó ardáin eile le déanaí ( ó X msh), an bhféadfainn bhur suim a mhúscailt i mbogadh ón mBéarla chomh maith?

Tús nua, tús maith, foc all leantóirí agaibh pé scéal é srl.
January 20, 2026 at 9:51 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Cé hiad na mná is mó a thiomáin cultúr na nGael chun cinn le dhá chéad bliain anuas nó mar sin? Peig Sayers, Máire Mhac an tSaoi, Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill ...
January 19, 2026 at 11:18 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Tráthúil don lá inniu 😔

Ceann as Corca Dhuibhne

'Tá sé mar do scaoilfá tré chriathar é anois amuigh = ana-thulca báistí a bheith ann' (Réilthíní Óir)

'Mar a leigfeá tré chriathar é' (Seanfhocail na Muimhneach)

'Bhí an spéir ina criathar' (FGB)
January 19, 2026 at 4:36 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Os rud é nach bhfuil m’uaireadóir cliste ró-chliste, táimse chun ‘dúradóir’ a thabhairt air as seo amach.
January 18, 2026 at 8:30 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
January 19, 2026 at 5:54 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
C-4??

"Pléascfaidh mé, pléascfaidh mé!" a deir an bus.
January 18, 2026 at 5:59 PM
Bhí go leor ardán sóisialta do Ghaeilgeoirí roimhe seo
“ Cogar - An Chéad Árdan Soisíalta ar son Ghaeilgeoiri”

https://cogar.ie/

#beta #gaeilge
January 18, 2026 at 11:07 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
C: Cá dtéann feirmeoirí glasraí nuair a cailltear iad?

F: I measc na meaingil.
January 17, 2026 at 2:34 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Agus 100 bliain de chraoltóireacht á cheiliúradh ag @rte.ie, féach ar an gcaoi a ndeirtear 'raidió' i seantaifeadtaí ó 1958 i leith, ar Thaisce Chanúintí na Gaeilge.

www.canuint.ie/ga/cuardach?...
January 15, 2026 at 4:27 PM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
Cén chiall atá leis an abairt thíos?

"Bhí na seacht gcroí agam ag filleadh ar Éirinn."

'Bhí athás an domhain orm filleadh ar Éirinn', is dócha, ach ní fhaca mé an frása sin 'na seacht gcroí' riamh roimhe seo.

Níor tháinig mé ar thoradh ar bith in CNG ach oiread (corpas.ie).
January 15, 2026 at 6:43 AM
Reposted by Eoin P. Ó Murchú
'Learn Irish easily with Gaeilgeoir A1.' Nathanna deasa traidisiúnta ar nós 'Tá sé ina phi den mhí' agus 'An té a bhínnn siúlach...'

Níl ach litir amháin idir 'idiom' agus 'idiot'.
January 15, 2026 at 2:51 PM