Neil Ó Laoghaire
@olaoghaire.bsky.social
83 followers 97 following 90 posts
Cé mé fhéin, anyway
Posts Media Videos Starter Packs
olaoghaire.bsky.social
"Níl aon thóin thréan mar do thóin thréan féin"
olaoghaire.bsky.social
Mar sin, tá sé tabháchtach go mbeadh eagraíochtaí, cosúil le Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga ag cur isteach aighneachtaí agus ag tarraingt airde do na rudaí seo.

Díreach mar a rinne siad maidir le comharthaíocht sa gcás seo.
olaoghaire.bsky.social
Ceapaim go bhfuil sé sin riachtanach de réir Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe (Aidhm GA 6).

Ní bheinn ag braith ar dea-thoil na gcomhlachtaí móra an Ghaeilge a chur chun cinn, níos mó ná atá de dhualgas orthu.
olaoghaire.bsky.social
Agus is dóigh go bhfuil muintir Chois Fharraige ag dul soir in a sluaite chun siopadóireacht a dhéanamh sa nGalltacht ar aon nós.

Cloistear an oiread Gaeilge sna hollmhargaí i Rahún/Cnoc na Cara anseo...aireoidh muid uainn í!
olaoghaire.bsky.social
D'fhreastail mo chuid gasúr féin ar an gcampa samhraidh seo i mbliana, agus bhain siad an-sult agus muinín as.

Bhí Oisín agus na teagascóirí thar cionn, eolach agus taicúil, agus bhí na himeachtaí iontach spraíoúil.
olaoghaire.bsky.social
Tá na creachadóirí réidh don dinnéar anocht
olaoghaire.bsky.social
Cúrsa Parkour Sheanadh Mhach!
olaoghaire.bsky.social
"Táimid ag iarraidh ort a bheith ar coiste..." 😱😱😱
olaoghaire.bsky.social
Níor smaoinigh mé faoi na ceisteanna ón tuaisceart. Is maith liom iad. Thabharfadh siad léargas faoi gnéithe cumas teanga ar leith.
olaoghaire.bsky.social
Ní dóigh liom go bhfuil. I 2006 a scaradh minicíocht labhartha idir minicíocht sa gcóras oideachais agus minicíocht lasmuigh den chóras oideachais.

Réitigh siad fadhb amháin agus chruithigh siad fadhb bunúsach eile.
olaoghaire.bsky.social
Brón orm gan a bheith soiléir sa gcéad phost!

Tá mé ag cur anailís simplí le chéile don OPT LPT áitiúil agus níl mé in ann ciall a dhéanamh den phróiséis tiomsiú ó na sonraí amh ón bhfoirm seo go ná táblaí achomaire ar líne.

Beidh orm dul i dteagmháil leis an POS.
olaoghaire.bsky.social
Gan dabht

Agus daoine ann nach bhfuil sa chóras oideachais ar chor ar bith, nó daoine a oibríonn sa chóras oideachais agus daoine atá i mbun staidéir ann

Ach, na trí fhreagra/rogha ag an mbun atá ag cur as dom is mó. Níos fearr leagan amach mar seo, nó a leithéid. Ní thógadh sé mórán níos mó spáis
olaoghaire.bsky.social
Tá a fhios agam go mbíonn staitisticí faoin nGaeilge ón daonáireamh pléite go rí-mhinic, ach níor thuig mé cé chomh dona is atá dearadh na gceisteanna faoin nGaeilge ar fhoirm an daonáirimh

Cibé faoin chéad cheist, is droch-dhearadh ceistneora (a glacadh ó 2006) faoi cé chomh minic a labhraítear í.
olaoghaire.bsky.social
Is léir go raibh drogall ort cuairt a thabhairt ar Co. na Mí! 😜
olaoghaire.bsky.social
Ón gcartlann an Galway Advertiser, D. Fómhair 1992, litir ó Thómas Ó Broin, ollamh agus bailitheoir béaloidis.

Argóint mhaith nach bhfuil bunús ceart nó bailíocht de "C(h)noc na Cathrach" in iarthar cathrach na Gaillimhe

An coincheap cumtha ag na forbróirí sna 1980í é "Cnoc na Cathrach" b'fhéidir?
Reposted by Neil Ó Laoghaire
gaeilgeabc.bsky.social
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
Reposted by Neil Ó Laoghaire
maitiuocoimin.bsky.social
Bhí mé ann anocht. Áit an-deas agus obair mhór déanta. Deas cothrom agus tírdhreach álainn (i gcomhthéacs lom Chonamara)

ACH: ab iod cosán nuachóirithe?! Locháin uisce ann cheana féin, easpa comharthaíochta AGUS Seanadh Mhach(a?) litrithe mícheart ar na fógraí uilig.
olaoghaire.bsky.social
Turas deas don fhómhar ar na bacáin mar sin!
olaoghaire.bsky.social
Is fíor é sin, ach ní bhíonn sé mar sin i gcónaí le talamh taobh an bhóthair. Cosáin nua tóghta i Ros Cathail mar shampla.

Agus bheadh iontas orm dá mbeadh fiosrú déanta faoin bhféidireacht.

Bheadh fadhb le neart le cosáin ag gearradh tríd talún cinnte, ach ní shin a mbeadh i gceist.
olaoghaire.bsky.social
Cinnte. Ach ní rud mór é stráice beag criathraigh díreach taobh an bhóthair a cheannacht.

Agus tá ciumhais sach leathan do chosán chomh fada leis an loch (Loch Uí Chadain?) de réir a fheicim freisin.
olaoghaire.bsky.social
Camchuairt ceathairníon
olaoghaire.bsky.social
B'fhéidir níos fearr, agus níos taitneamhaí duitse, é a rothaíocht agus do léarmheas a thabhairt faoi, nuair atá am agat 😀

Is mór an trua nach bhfuil sé nasctha le cosán taobh an bhóthair ó Tigh Nicolas, (500m buí). Ceapaim go bhfuil rochtain ar leith idir an pháirc ghnó agus lár an baile (dearg).