Séamus Ó Conaill
@conallach.bsky.social
150 followers 200 following 44 posts
Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra
Posts Media Videos Starter Packs
Reposted by Séamus Ó Conaill
osgurociardha.bsky.social
Ag sochraid Mhancháin, thit an Fáinne a bhí orm díom ach agus mé á lorg ar m'ucht bhí bóín Dé ina áit.

Measaim go dtaitneodh sé sin leis.
conallach.bsky.social
Sheasfainn sa sneachta, sa díle agus i ngile na gréine ag éisteacht leis an amhrán seo.

‘Ceol an Phíobaire‘ le Niamh Ní Charra.

niamhnicharra.bandcamp.com/track/ceol-a...
Ceol An Phíobaire (Song), by Niamh Ní Charra
from the album Donnelly's Arm
niamhnicharra.bandcamp.com
conallach.bsky.social
Cuid den taispeántas ‘Créatúir na Cartlainne’

📍Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
conallach.bsky.social
Is breá liom úsáid nádúrtha na Gaeilge ar na meáin Bhéarla. Sinéad Ní Uallacháin ar maidin leis an nuacht tráchta: ‘chuig an bpríomhchathair ar dtús…’
conallach.bsky.social
🎶 Nuair a bhíos ag dul sna déagaibh
Do théinn i measc na bhfearaibh
‘S ní mór dom féin ina dhéidh sin
Iompáil amach i mo ghaige. 🎶

- Seán ‘s a Bhríste Leathair
conallach.bsky.social
Cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna
conallach.bsky.social
Déarfainn go bhfuil an ceart agat.
conallach.bsky.social
Scéilín eile i gcomhthéacs na tíre seo. Bhí na Gaeil ag troid in aghaidh na Lochlannach i nDúlainn, iad i bhfolach chun ionsaí a dhéanamh orthu. Rinne an dreoilín feall ar na Gaeil toisc gur bhuail sé a sciatháin in aghaidh scéithe agus a ghob in aghaidh druma agus nochtadh iad.
Reposted by Séamus Ó Conaill
oisinmac.bsky.social
An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?
conallach.bsky.social
CCÉ i Léim an Bhradáin b’fhéidir?
conallach.bsky.social
Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín i do cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

✍️ Nuala Ní Dhomhnaill
conallach.bsky.social
A chairde Gael, má tá deis agaibh tugaigí cuairt ar Ghairdíní Altamont i gContae Cheatharlach.

Gairdíní bláfara glémhaiseacha cois locha agus siúlóid álainn choille ar bhruach na Sláine.
conallach.bsky.social
Ar fheabhas, bhí ‘An Slipéar Gloine’ thar barr ar fad.
conallach.bsky.social
Suaimhneas an úllghoirt ar scáth na gréine.
conallach.bsky.social
‘…chomh buí le croí an nóinín mhóir i dtús an tsamhraidh’

-ón úrscéal ‘An Claíomh Solais’ le Liam Mac Cóil.
conallach.bsky.social
Bosca poist

S É = Saorstát Éireann

Caiseal, Co. Thiobraid Árann
conallach.bsky.social
‘Gráinne - Gaiscíoch Gael’ (2019) le Siobhán Parkinson léite agam. Úrscéal stairiúil an-taitneamhach, miontaighde déanta ag an údar ar shaol na pearsan mistéirí seo. Úrscéal greannmhar fileata soléite a thugann léargas ar ghliceas agus ar dhiongbháilteacht na mná.
conallach.bsky.social
Aistriúchán Gaeilge ar fhocail Stephen King ag tús an úrscéil ‘Na Ríthe Beaga’
conallach.bsky.social
‘Na Ríthe Beaga’ - sár-aistriúchán Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire ar an úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan. Fíonn an t-údar saol na gcarachtar le chéile i mbealach nádúrtha soléite le teachtaireacht úr. Seoid eile ó ghort torthúil Barzaz.