Oisín Mac Giolla Dhaltúin
@oisinmac.bsky.social
91 followers 100 following 59 posts
Mar a dúradh faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló, ''Gael uirbeach a bhí éirimiúil, cróga agus tírghrách, é fréamhaithe ina chultúr dúchais ach muiníneach as a ról sa saol nua-aoiseach''
Posts Media Videos Starter Packs
oisinmac.bsky.social
Rinne mé dearmad glan air an méid sin. Grma!
oisinmac.bsky.social
Thar cionn, grmma! Bainfimid triail astu ar aon chaoi. Is cinnte gur feiliúnaí iadsan ná na gnáthchláracha do dhaoine fásta ar RnaG lena raibh sí ag éisteacht go nuige seo!
oisinmac.bsky.social
An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?
oisinmac.bsky.social
", cé a bheidh"?

Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge?
oisinmac.bsky.social
Níor léigh mé Tairngreacht fós, ach bhain mé an-sult as Rún an Bhonnáin. Bhraith mé gurbh amhail le Da Vinci Code Gaelach é, agus taitníonn sé liom i gcónaí áiteacha/imeachtaí a bhfuil taithí agam féin orthu, fearacht Chlub an Chonartha agus an Oireachtais, a fheiceáil ar leathanaigh úrscéil!
oisinmac.bsky.social
Bíonn ciall níos leithne le "le chéile" agus ciall níos sonraí le "lena chéile", go hiondúil, áfach, cosúil leis an difríocht idir "together" agus "with each other" sa mBéarla.
oisinmac.bsky.social
2 ar lean) Mar shampla, is ionann "thug sé DOM é" sa nGaeilge agus "he gave it TO me" sa mBéarla, ach "dúirt sé LIOM é" sa nGaeilge agus "he said it TO me" chomh maith, cé gur ionann "liom" agus "with me". Moladh ginearálta don chainteoir Béarla a bhí san idirdhealú thuas.
oisinmac.bsky.social
Dhá rud a déarfainn faoi sin:

1) Tá 115 sampla de "in iomaíocht le chéile" agus 248 sampla de "in iomaíocht lena chéile" ar corpas.ie.

2) Ní cóid chomhchosúla a bhíonn i dteangacha, go háirithe cinn nach bhfuil thar a bheith gaolmhar lena chéile fearacht na Gaeilge agus an Bhéarla.
Corpas Náisiúnta na Gaeilge
Gaeilge ár linne in 100 milliún focal.
corpas.ie
oisinmac.bsky.social
Is é an fhadhb a bheadh agam le teanga neamhfhorleathan, ná go measfainn go mbeadh sórt impleachta ann gur teanga réigiúnach í, seachas teanga náisiúnta, nó idirnáisiúnta go deimhin, ó cheart í, a mionlaíodh i gcaitheamh na mblianta
oisinmac.bsky.social
Le chéile = together
Lena chéile = with each other.

Mar shampla: Chuadar ann le chéile agus iad ag caint lena chéile feadh an ama.
oisinmac.bsky.social
Teanga mhionlaithe, a mholfainn féin, óir teanga a bhíodh forleathan, ach a mionlaíodh d'aon turas í an Ghaeilge
oisinmac.bsky.social
Ach is mar v a fhuaimnítear é, dar le foghraíocht na Gaeilge.

Is minic a chloistear wótáil (vótáil) agus wóta (vóta) thiar, chuala mé trácht ar na wolunteers faoi cheannas Liam Uí Maoilíosa fiú.

Ba mhinic wery in ionad very, agus mar sin de, sna cuntais is túisce ar Bhéarla na hÉireann freisin
Reposted by Oisín Mac Giolla Dhaltúin
craobhbhac7.bsky.social
Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge
oisinmac.bsky.social
Fiche fiche cúig i gcónaí.
oisinmac.bsky.social
Tá ag sárú orm aon bhlúire eolais a aimsiú faoi ar Google, ná go deimhin aon rian de ar shuíomh na leabharlainne.

An bhfuil aon nasc ábhartha agat?
oisinmac.bsky.social
Níor chuala mé trácht ar Dhuineall, céard é féin?

Is breá an áit í an Leabharlann Náisiúnta le cúpla uair a chloig a mheilt, ach cúpla uair shaor a bheith ag duine, gan dabht!

Diabhal Gaeilge ar bith ag duine ar bith ag obair ann i mo thaithíse, áfach.
oisinmac.bsky.social
Is cosúil gur féidir é a léamh sa Leabharlann Náisiúnta, ach áirithint á dhéanamh breis is seachtain roimh ré.

catalogue.nli.ie/Record/vtls0...
Holdings: Manannán /
catalogue.nli.ie
oisinmac.bsky.social
Grma! Táim ag súil go mór leis an leagan deiridh a fheiceáil!
oisinmac.bsky.social
Agallóir raidió a rugadh is a tógadh áit éicint eile, ach a bhí ag obair, nó ag cur faoi sa gceantar sin, ab ea?
oisinmac.bsky.social
Bheadh ciall leis sin, go háirithe agus tréith chanúnach a bhaineann le deisceart Chonamara ag gabháil leis, ach tá Ráth Chairn breis is 30km siar ón bpointe sin 🤔
oisinmac.bsky.social
Céard é an pointe buí díreach lastuaidh de Bhleá Cliath? Níor cheap mé go ndearnadh aon taifead fuaime ar chanúint dhúchais na Mí.
oisinmac.bsky.social
Fadhb ar bith, a chomrádaí!
oisinmac.bsky.social
Ba mhaith an seans go gcuirfeadh sé lagmhisneach ort. B'fhearr rud éicint nua aimseartha a léamh ar dtús agus tíocht ar ais go Cré na Cille i gceann cúpla bliain eile. Bíonn go leor léirmheasanna cabhracha á ndéanamh ag @murchadhmor.bsky.social