An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
@ancrannog.bsky.social
52 followers 86 following 28 posts
Is é aidhm Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ná forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gceantar Ghaoth Dobhair, le béim ar fheabhas eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha.
Posts Media Videos Starter Packs
ancrannog.bsky.social
Tá Suíomh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025 beo anois!

Thig libh anois:
✨ Bhur ranganna a chur in áirithe
✨ Ticéid a cheannacht do cheolchoirmeacha is imeachtaí

Bígí linn i nGaoth Dobhair do sheachtain lán ceoil, amhráin is cultúir ó 27 Mí na Nollag 2025 go 1 Eanáir 2026.
Scoil Gheimhridh – Irish music Festival every Dec. in Ghaoth Dobhair, Co Donegal.
scoilgheimhridh.com
ancrannog.bsky.social
Bus chuig an agóid ar an 20/09/2025 i mBaile Átha Cliath ag fágáil an Chrannóg F92EYT3 ar 8:00 ar maidin. Bígí linn!Bus saor in aisce don phobal chuig an agóid ar an 20/09/2025 i mBaile Átha Cliath ag fágáil an Chrannóg ar 8:00 ar maidin.
**Spásanna le cur in áirithe, cuir scairt ar 087 249 1101
ancrannog.bsky.social
Ranganna ar ais sa Chrannóg ón 8ú Meán Fómhair 2025.

Téarma 10 seachtainí 8/9/25 - 21/11/25.

Thig clárú & íoc ar líne ag an nasc seo -

cfgd.wufoo.com/forms/t1-sna...

Tá uirlisí le fáil ar cíos [email protected]
Reposted by An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
dornsanaer.bsky.social
Tá Dorn San Aer 2025 -féile in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí - anois seolta!

Bígí linn a chairde i nGaoth Dobhair 26-28 MF d'fhéile den scoith le bannaí den scoith.

Scaipigí an jah-sceála

Ticéid ar fáil ag dornsanaer.ie

@raidionalife.bsky.social @raidiofailte.bsky.social @gunghaol.bsky.social
ancrannog.bsky.social
BIA ÚR, BIA SLÁINTIÚIL, CÚRSA SCILEANNA SIMPLÍ
CÓCAIREACHTA – GAOTH DOBHAIR
Tá lúcháir orainn a rá go mbeidh cúrsa oíche 12 seachtain ar siúl sa Chrannóg ag toiseacht i mí Mheáin Fhómhair, le tacaíocht ó ETB Dhún na nGall – agus tá fáilte roimh bhaill den phobal clárú!0749532208/[email protected]
ancrannog.bsky.social
Tá áthas mhór orainn a rá go bhfuil Tionscadal an Teach Glas ag dul ó neart go neart! Míle buíochas ó chroí le Deirdre Brennan agus Cluain na dTor as an chuidigh uilig – ní bheadh muid tagtha chomh fada seo gan sibh.
Tá fáilte mhór roimh dhaoine úra páirt a ghlacadh sa tionscadal!
ancrannog.bsky.social
Tá rang ióga ag toiseacht tráthnóna inniu ag 6:30-7:00 sa Chrannóg. Beidh na ranganna ar siúl gach Luan agus Déardaoin go dtí deireadh mhí Lúnasa. Fáilte roimh dhaoine le meascán de chumais, lena n-áirítear tosaitheoirí.
ancrannog.bsky.social
🎶☀️ Tá Campaí Ceoil an tSamhraidh Ar Ais! ☀️🎶
30/06/25 - 25/07/25
Is deis iontach iad na campaí seo do pháistí taitneamh a bhaint as cluichí, gníomhaíochtaí spraíúla, agus blaiseadh a fháil de shaol an cheoil — uirlisí ceoil úra a thriail, amhráin Ghaeilge a fhoghlaim!
🎶☀️ Tá Campaí Ceoil an tSamhraidh Ar Ais! ☀️🎶
30/06/25 - 25/07/25
Tá áthas mhór orainn fógairt go bhfuil clárúcháin oscailte anois dár 4 seachtaine de Champaí Ceoil an samhradh seo! 🎉 Is deis iontach iad na campaí seo do pháistí taitneamh a bhaint as cluichí, gníomhaíochtaí spraíúla, agus blaiseadh a fháil de shaol an cheoil — uirlisí ceoil úra a thriail, amhráin Ghaelacha a fhoghlaim, agus bunchloch iontach a thógáil do ranganna amach anseo i Scoil na Crannóige!
Buíochas mór le Muintearas Thír Chonaill as a dtacaíocht maoiniú leis na campaí seo a reachtáill! 🙌
ancrannog.bsky.social
Beidh an dráma úr “Biseach” ar siúl Dé hAoine an 9ú Bealtaine i Scioból an Phobail, Anagaire. Osclófar na doirse ag 7:30 agus tosóidh an dráma ag a hocht. Is dráma grinn é seo atá suite in ospidéil, áit a dtéann go leor rudaí contráilte. Maireann an dráma seo thart ar 45 bomaite.
ancrannog.bsky.social
Bhí turas ghalánta ag ár ngrúpa dúla Dé Sathairn le tacaíocht ó Saol Ar An Mhacaire agus DLDC. Chuaigh muid go Ionad Teach na mBocht i nDún Fionnachaidh leis na hiarrachtaí dúlra agus caomhnaithe atá á ndéanamh ann a fheiceáil agus rinne muid turas treoraithe ar Bhaile Dhún Fionnachaidh.
ancrannog.bsky.social
Ócáid atá á reáchtáil ag an bpobal is ea é agus ba mhaith linn an pobal uilig a bheith páirteach! Bí i dteagmháil linn agus roinn bhur gcuid smaointe nó cláraigh le páirt a ghlacadh!
Get in touch and share your ideas or register to take part!