Brian Mac Thréinfhir
banner
fadhbarbith.bsky.social
Brian Mac Thréinfhir
@fadhbarbith.bsky.social
Oirdheisceart Chúige Uladh - An tIúr le bheith cruinn beacht

Tá mé abhus anseo fá choinne na Ghaedhilge
Reposted by Brian Mac Thréinfhir
Bhí an-chomhrá agam leis an Athair Brian Ó Fearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile.

Is féidir éisteacht leis an eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/218G...
November 27, 2025 at 9:22 PM
Cnuasach cachtas agus mise, chomh bán le sneachta
November 23, 2025 at 1:14 PM
Ba ghnách leis an leaid seo a bheith ina chónaí béal dorais liom - nuair a bhí mé ag fás aníos - agus ba é 'Davey Dolphin Head' an leasainm a bhí air — mar gheall ar mhéid a chinn.

Sílim gur mise a mhacasamhail anois!
November 7, 2025 at 9:48 PM
Níl sé ceart ar chor ar bith go bhfuil lus na gréine s'againn i mbláth go fóill i ndúlaíocht an gheimhridh!

#AthrúAeráide
November 7, 2025 at 7:53 PM
Goidé mar atá sibh uilig!
October 31, 2025 at 3:25 PM
Ag súil go mór leis!

“Beidh nótaí le cur isteach san fhoclóir freisin, . . . nóta ina dtugtar le fios gur ‘focal é seo a úsáidtear go coitianta i gCúige Uladh’, mar shampla,”
An chéad fhéachaint ar an bhFoclóir Gaeilge-Gaeilge ag Oireachtas na Samhna
Tabharfar radharc den chéad uair do phobal na Gaeilge ar shuíomh an fhoclóra nua Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
tuairisc.ie
October 30, 2025 at 7:18 AM
Deir duine éigin rud inteacht seafóideach liom achan lá fá dtaobh de chúrsaí inimirce. Tá mé focain dubh san aghaidh ag an chiníochas á scaipeadh ar fud fad na tíre, agus ag an tionchar atá ag bolscaireacht na heite deise ar dhaoine thart orm.
October 25, 2025 at 2:42 PM
Imelda May ar an Late Late anocht
October 24, 2025 at 9:57 PM
Reposted by Brian Mac Thréinfhir
Tá gortghlanadh á dhéanamh ar an nGaeilge ar na comharthaí ar Shlite Slímharcáilte na hÉireann le gairid. Bhíodh gach comharthaí i nGaeilge agus i mBéarla ach áit ar bith ar crochadh comharthaíocht nua le cúig bliana anuas nó mar sin, tá an Ghaeilge imithe - fiú sna ceantair Ghaeltachta.
October 16, 2025 at 1:31 PM
Is dóigh liom go bhfuil sé an tráth den bhliain aríst. Tá sceadamán nimhneach agus an t-iomlán orm. Bhuel, buíochas le Dia go bhfuil sé Dé hAoine!
October 17, 2025 at 5:56 AM
Reposted by Brian Mac Thréinfhir
What he said. 🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿
June 27, 2025 at 10:04 AM
An coimhthíoch
October 12, 2025 at 1:14 PM
Tá lus na gréine s'againn ag teacht faoi bhláth sa deireadh!

Mall sa bhliain, athrú aeráide?
October 12, 2025 at 11:04 AM
Deas le feiceáil go bhfuil súil ghéar á choinneáil orainn.

Is amhrastaigh muidne uilig, mar dhea!
October 11, 2025 at 5:26 PM
Mórshiúl an Iúir ar son mhuintir na Palaistíne

Dán 'Streachlaíonn Croiniceoir' le hAntaine Ó Donnaile, inniu insan Iúr.

#GAZA
#AnPhalaistín
October 11, 2025 at 2:39 PM
Mothaím gur Pádraig Mac Ruairí mé achan deireadh seachtaine leis an mhéid "fíontaí na Spáinne" a bhím ag slogadh siar!

doimnicmacgiollabhrde.bandcamp.com/track/p-drai...
Pádraig Mac Ruairí, by Doimnic Mac Giolla Bhríde
from the album Sona do Cheird
doimnicmacgiollabhrde.bandcamp.com
October 10, 2025 at 8:25 PM
Is doiligh é a chreidbheáil go bhfuil a leithéid den chac seo a dhul ar aghaidh insa bhaile seo!
Sinn Féin pipe bomb attack linked to anti-immigration tensions
Local council supports ‘City of Sanctuary’ status for Newry
www.irishnews.com
October 7, 2025 at 6:27 AM
Reposted by Brian Mac Thréinfhir
Bhí sé de ádh orm tamall beag a chaitheamh le Manchán Magan blianta siar ar an chlár Bladhaire nuair a labhair sé liom faoina shaol agus a shaothar oibre 💙

www.rte.ie/radio/rnag/c...
Aoi sa Chathaoir : Manchán Magan
An taistealaí, údar agus láithreoir teilifíse ag comhrá faoina shaol agus a chuid oibre
www.rte.ie
October 3, 2025 at 7:30 AM
Gabhann mó bhuíochas leis an strainséir a thug cuidiú domh in am mo ghátair ar maidin. Cha raibh gluaisteán s'agam ag toiseacht agus bhí mé ar tí le héirí as nuair a léim seisean amach le Jump Leads.

Laoch atá ann!
October 4, 2025 at 11:47 AM
"Le doineann is minice a tchí tú na faoileoga ansin"

#StoirmAmy
October 4, 2025 at 8:31 AM
Tá aibhléis againn go fóill ach tá lear mór thart fán cheantar gan í
October 3, 2025 at 8:48 PM
Fleadh Uladh, cúpla mí ó shin
October 1, 2025 at 7:52 PM
Íomhá millteanach cumhachtach atá ann i mo bharúil féin.

Is liomsa an grianghraf

#CEARTA
#Gaeilge
#BÁC
September 27, 2025 at 7:20 PM
Dhá ghrianghraf a ghlac mé coicís ó shin ag imeacht ar dóigh i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán.

Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Mac Giolla Bhéin

#Gaeilge
#ArdMhachaTheas
September 27, 2025 at 6:46 PM