Garraí in Oirialla
banner
oirialla.bsky.social
Garraí in Oirialla
@oirialla.bsky.social
120 followers 97 following 49 posts
Spéis agam sa gharraíodóireacht, sa bhia, san amhránaíocht ar an tsean-nós. Agus in am a chur amú ar líne, dar ndóigh.
Posts Media Videos Starter Packs
Bígí ag caint ar athrú aeráide... níl sé normalach trátaí mórea mar seo a bhaint amuigh faoin spéir i gCo. Lú. Faoi scáth a bhí síad cuid mhór den lá, go fiú.
Tá mé sásta leis an cheann seo, a d'fhás sa teach gloine. Níos troime ná punt an tseanchórais!
SgGD? Cuireann sé PTSD ormsa...
An-chuid bácála ar maidin, ach b'fhéidir nach leor na chéad trátaí ón gharraí le ceapairí a sholáthar don teaghlach uilig. Domhsa amháin, mar sin...
Bhain mé féin an-sult as fosta.
Is léir mar thug sibh faoi SeanGhaeilge Gan Dua ariamh. 🤬
Rósanna thar oíche! Hósanna!
Grma as seo a chur ar na súile dom! Tá dúil as cuimse agam sna hamhráin agus cuideoidh an cuardach cliste go mór liom.
Is cosúil nach raibh mé chomh cúramach agus a shíl mé agus na prátaí á mbaint agam anuraidh, no d'aimsigh mé na cinn seo ag borradh leo in athuair Dé Domhnaigh. Well, tá síad thíos arís anois! Iomaire beag buidheach.
Ní chreidfeá an boladh cumhra as an aon bhláth amháin seo ar an tseasmain.
Lón smaointe go cinnte, a Chiaráin, agus ní haon bhréagnuacht an giota seo 😉
An-chuimhní fá oícheanta a chur amú ann, dá mba cuimhin liom iad. Agus mé ag amharc ar na pictiúir ar Daft, an féidir nár athraíodh an áit ar chor ar bith in imeacht 30 bliain?
Spéisiúil! Bhí Viscount Sackville mar choirnéal ag Cumberland, maith go leor, ach tá sé measartha soiléir sa dán gur Cumberland féin an dara pearsa sa véarsa (dar liom).
An bhrí a bhainim as an véarsa féin:

"Mo thrua nár throid Charles Stuart (Cathal) agus ceannaire arm Shasana, an Duke of Cumberland, comhrac aonair amuigh. Dá mbeadh ceann de phéire bataí ag Cathal, réabfadh sé easnacha [meafar éigin do Cumberland]."

Bhur mbarúil?
An bhfuil tuairim ag saoi ar bith agaibh cad is ciall le "sacáin-a-mhála" sa véarsa seo ag Peadar Ó Doirnín? An comhthéacs ná briseadh na nAlbanach ar son Charles Stuart i ndiaidh cath Culloden i 1745.
Beidh lá eile ag an bPaorach. Tá mé ag pleanáil cheana...
Tá, grma, buíochas le Dia!
Ó bhó, mó theaichín beag trátaí is figí! Sractha scriosta stróicthe! #Éowyn
Magairlí glasa an diabhail.
Mór an trua nach bhfaca mé seo in am - tá mise thart fosta.
Sehr interessant, danke! Cé go bhfuil stair fhada leis an nath sa Ghearmáinis, is cosúil, is fearr liom mar nath snasta Gaeilge é (agus ghin géire goile go cinnte, mar nár fhág na moltóirí oiread is grabhróg ina ndiaidh...)
Greann i measc an lucht féachana, an ea, agus iad ag gáire fút?
Tuairisc na moltóirí ar an phióg fia-úll: blasta! Níos mó cosúil le pióg bhiabhóige ná le pióg úll, .i. rud beag géar, ach deas.