Caoimhín Ó Liatháin
@coliathain.bsky.social
620 followers 160 following 920 posts
Bleá Cliathach i nDeisceart na Fionlainne
Posts Media Videos Starter Packs
coliathain.bsky.social
Fair play dóibh as leithscéal a ghabháil leat sa deireadh!
coliathain.bsky.social
Tá an cheart agat. Tá 'Máirt', 'Céadaoin' agus 'Aoine' baininscneach agus na laethanta eile firinscneach.
coliathain.bsky.social
Is féidir 'ar ball' a úsáid ar an gcaoi chéanna, sílim.

Chonaic mé ar ball é. (an t-am atá thart)
Feicfidh mé ar ball é. (an t-am atá le teacht)
coliathain.bsky.social
an Aoine bheag seo = "Dé hAoine seo caite" nó "Dé hAoine seo chugainn"

Tá an dá chiall aige, go bhfios dom.

Féach freisin:

EID: an Domhnach beag seo = last Sunday
FGB: Dé Luain beag seo a chuaigh thart = only last Monday
NEID: an Luan beag seo = this coming Monday
coliathain.bsky.social
Bhuel, bhí Lillis Ó Laoire, Coilín Ó hAiseadha agus Séamus Mac Conmidhe ar aon intinn leat faoin méid sin go léir i nGaeilge Amháin ar Facebook.
coliathain.bsky.social
Bíodh sin mar atá, táim tar éis an cheist seo a chur i roinnt mhaith áiteanna éagsúla agus faighim freagraí éagsúla i gcónaí!
coliathain.bsky.social
Mholfá 'an Aoine beag seo' mar sin?
coliathain.bsky.social
Is firinscneach iad na samplaí ar fad sna foclóirí ar líne, faraor.

EID: an Domhnach beag seo = last Sunday
FGB: Dé Luain beag seo a chuaigh thart = only last Monday
NEID: an Luan beag seo = this coming Monday
coliathain.bsky.social
Seo a scríobh duine chugam ar Facebook:

"An tuiscint atá agamsa ná go bhfuil 'beag' sa chás seo ag feidhmiú mar dhobhriathar seachas mar aidiacht, agus mar sin deirtear 'an Aoine beag seo' - gan séimhiú."
coliathain.bsky.social
an Aoine beag seo

an Aoine bheag seo

'bheag', shílfinn – toisc go bhfuil 'Aoine' baininscneach, ach feicim go bhfuil 'an Aoine beag seo' (71 toradh) beagnach chomh coitianta céanna leis 'an Aoine bheag seo' (85 toradh) i gCorpas Náisiúnta na Gaeilge (corpas.ie).
Corpas Náisiúnta na Gaeilge
Gaeilge ár linne in 100 milliún focal.
corpas.ie
coliathain.bsky.social
Nóta eile:

'béarlachas' atá ag FGB agus NEID (túslitir bheag), 'Béarlachas' atá ag EID (túslitir mhór).

Túslitir mhór is coitianta ar CNG.

[word="Béarlachas|Bhéarlachas|mBéarlachas|Bhéarlachais"] (Líon torthaí: 315)

[word="béarlachas|bhéarlachas|mbéarlachas|bhéarlachais"] (Líon torthaí: 98)
coliathain.bsky.social
Mar sin, an mbeadh locht ar a leithéid d'abairt thíos?

– Bhí an béarlachas le brath go láidir ar an téacs.

Leaganacha eile: rian an Bhéarla, lorg an Bhéarla, dul an Bhéarla
coliathain.bsky.social
** BÉARLACHAS **

Ainmfhocal maise (nó ainmfhocal dochomhairthe) atá san fhocal Gaeilge 'béarlachas' nach ea?

e.g. Bíonn go leor béarlachais ina gcuid cainte. (NEID)

Ainmfhocal inchomhairthe atá san fhocal Gearmáinise 'Anglizismus' de réir mar a thuigim.

e.g. "Downloaden" ist *ein* Anglizismus.