Fergus Ó Néill
@fergusone.bsky.social
250 followers 240 following 2K posts
Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, scor, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
Posts Media Videos Starter Packs
fergusone.bsky.social
Táimid báúil ó dhúchas le tíortha beaga atá in aice le tíortha móra ach ní dóigh liom gur den chríonnacht an dlí idirnáisiúnta a fhágáil as an áireamh. & ba chóir a bheith cúramach freisin gan fasaigh mhí-ámharacha a chruthú - i ndiaidh an tsaoil nach bhfuil "mionlaigh mhí-dhílse" i go leor tíortha.
fergusone.bsky.social
Is fiú a lua áfach nach bhfuil an pobal sa Bheilg dátheangach (nó trítheangach go fiú) ná an pobal san Eilvéis ilteangach (mionlach sách beag dátheangach) i dtaca le teangacha dúchais na dtíortha sin.
fergusone.bsky.social
Spéisiúil go bhfuil an nuachtán den tuairim go bhfuil an leasú teanga i gceist ciallmhar agus riachtanach...

D'ainneoin gach uile rud áfach ní dóigh liom gur cheart dearmad iomlán a dhéanamh de chúnaint idirnáisiúnta.
fergusone.bsky.social
Nuair a luann tú an BdV cuireann sin míshuaimhneas orm i bhfianaise na sprice atá ag an rialtas an t-arm is láidre san Eoraip a bheith acu. An féidir a bheith cinnte de nach bhfillfí ar shean-cheisteanna am éigin amach anseo? Má tá aon rud foghlamtha againn is é gur féidir le meon athrú thar oíche
fergusone.bsky.social
Is cuimhin liom go raibh tuairiscí faoi ar an teilifís abhus roinnt blianta ó shin. De réir mar a tuairiscíodh níl an scéal sa Laitvia neamhchosúil leis. (Níl ach mionlach an-bheag sa Liotuáin.)
fergusone.bsky.social
An bhfuil leagan Gaeilge den nath "talk the talk... walk the walk"? Aon cheann leis an gcineál amais nó comhfhuaime sin? Fáilte roimh chumadóireacht nua.
fergusone.bsky.social
Nach bhfuil seantaithí ag an saol ar an gcineál foclaíochta a úsáidtear? Ar aon nós, tá na cluasa bioraithe abhus le fada cheana féin.
fergusone.bsky.social
Má tá blas rótach ag an máistir scoile is deacair idirdhealú idir "cha'te'ed" agus "cha'ted".

(Níl dóigh go raibh cúrsaí geopholaitíochta i gceist - "de-chartered territory" le tamall anuas.)
fergusone.bsky.social
Ní bhíonn fágtha ach anam láidir an bhunábhair is dócha. DAS tá an hoiméapaite an-láidir sa cheantar seo. Is ceist chonspóideach í cé acu ar chóir go n-íocfadh an t-árachas sláinte as cóir leighis bunaithe ar hoiméapaite nó nár chóir.
fergusone.bsky.social
Aisteach go leor ach bíonn blas níos seacláidí ar mhuifíní den chineál sin ná ar an tseacláid féin cé go mbíonn - rud atá intuigthe as féin - dlús níos ísle seacláide iontu ná sa tseacláid féin. Éifeacht hoiméapaiteach b'fhéidir? 🤔
fergusone.bsky.social
Ar dtús an deasghnáth, ina dhiaidh sin na sólaistí.
fergusone.bsky.social
Ní ceist í a gcloistear an gnáthphobal riamh ag labhairt fúithi. Más olc maith é, glactar le cúinsí mar atáid.
fergusone.bsky.social
Ar dheis Dé go raibh a anam.
fergusone.bsky.social
Tá i bhfad níos mó faisnéise faoin ábhar ríthábhachtach seo de dhíth ar shaoránaigh i ndaonlathas atá in ainm a bheith ag feidhmiú mar ba chóir - beag beann ar an dearcadh polaitíochta atá acu.
fergusone.bsky.social
"Le dea-rún a beartaíodh é sin ach d'iontaigh sé ina chur i gcéill." Ráiteas a shainmhiníonn an ré in iomláine, b'fhéidir.
fergusone.bsky.social
Níl an dara rogha ag rialtas na hÉireann ach an scéal atá roimhe a ainliú agus a bheith ar a dhícheall nach ndéanfaí dochar ró-mhór don tír. Ach maidir leis an uachtaránacht, sílim gur féidir misneach a bheith ag an bpobal cead a chinn a thabhairt do shean-spiorad an daonlathais.
fergusone.bsky.social
Is breá liom a ailt a léamh nuair a bhíonn teacht agam orthu. Tugann an Ghaeilge ar chaighdeán ard a úsáideann sé saoirse áirithe dó agus cuireann sé é féin in iúl go hoirbheartach.
fergusone.bsky.social
Agus ní bheadh sé saor ó phriacail. Chaithfidís a bheith an-chúramach ag tabhairt freagraí ar cheisteanna. Dá sciorrfadh cuid dá ngnáthsheanchas faoi cheist áirithe ó bhall éigin den PPhE bheadh cosa an iarrthóra a mbeadh sé ag tacú léi/leis nite ar an toirt.
fergusone.bsky.social
An mbeidh na comhghleacaithe ó Pháirtí an Phobail Eorpaigh nó Athnuaitear an Eoraip ag taisteal siar chun tacú leis na hiarrthóirí eile? 🤔
fergusone.bsky.social
Bhí a fhios agam go bhfuil tú gaolta leis.
fergusone.bsky.social
Is cuimhin liom go maith é; ba rud é a chuir olc nár bheag ar go leor daoine. Dar ndóigh, d'íoc an comhrialtas go géar as an maistíneacht chéanna an bhliain dar gcionn.