Joe Breathnach
@joebreathnach.bsky.social
90 followers 32 following 1.3K posts
Is Eagarthóir mé ar Extrag.ie agus Láithreoir ar Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4fm.
Posts Media Videos Starter Packs
joebreathnach.bsky.social
Brú ar Macron agus an Fhrainc i gcruachás airgeadais agus polaitiúil: Tá Macron chun a cheathrú príomh-aire a roghnú i níos lú ná bliain chun iarracht a dhéanamh an buiséad a shábháil – ach táthar ag súil go leanfaidh na deighiltí ar aghaid extrag.ie/2025/10/08/n...
Brú ar Macron agus an Fhrainc i gcruachás polaitiúil
Cuireann a imeacht leis an ngéarchéim atá ag cur brú ar Uachtarán Emmanuel Macron, atá anois ag iarraidh slí chun tír scoilte a rialú agus buiséad nua a chur
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Peaky Blinders: Tá glúin nua de Shelbys ag teacht chuig ár scáileáin: Tá an BBC ag tabhairt dhá shraith nua de Peaky Blinders ar ais ó chruthaitheoir House of Guinness, Steven Knight extrag.ie/2025/10/08/s...
Peaky Blinders: Tá glúin nua de Shelbys ag teacht ar ais
Tá Peaky Blinders ag teacht ar ais le dhá shraith nua, ag díriú ar ‘ghlúin nua de mhuintir Shelby’, dar leis an BBC.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Comhaontú síochána i nGaza: Bogfaidh an IDF siar: Deir Hamas agus Iosraelaigh gur thángthas ar chomhaontú maidir leis an ‘chéad chéim’, comhaontú síochána a chuirfidh deireadh leis an gcoimhlint, leis an gcinedhíothú agus leis an ngorta i nGaza extrag.ie/2025/10/09/n...
Gaza: Comhaontú síochána
Tá Iosrael agus Hamas tar éis teacht ar chomhaontú leis an ‘chéad chéim’ de phlean síochána i nGaza chun sos a chur ar an troid agus roinnt gialla agus
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
An Nuacht ar ExtraG.ie: Comhaontú síochána i nGaza + Paidreacha do Dolly Parton + Peaky Blinders: Tá glúin nua de Shelbys ag teacht ar ais + Ionsaí Iosraelach ar níos mó bád le ‘Flotilla go Gaza’, agus Teachta Dála Barry Heneghan ar bord
joebreathnach.bsky.social
Gailearaí: Johnathan Anderson an tÉireannach ag treorú an bhealaigh do Dior i bPáras: Tháinig daoine cáiliúla amach i bPáras agus bhí siad an-tógtha leis an mbailiúchán nua do Dior ón Éireannach extrag.ie/2025/10/08/n...
Johnathan Anderson: Éireannach ag treorú Dior i bPáras
Ba léiriú é seo ar mheas Johnathan Anderson ar oidhreacht an tí, agus ar a mhisneach dul i mbun na dualgais.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
extrag.ie/2025/10/08/c... do Dolly Parton agus a deirfiúr ag caint faoina streachailt sláinte: B’éigean do Dolly Parton, atá 79 bliain d’aois, a cuid gig i Las Vegas a chur ar ceal agus d’inis a deirfiúr dúinn faoi fhadhbanna sláinte nua atá ag réaltaí na tíre
Paidreacha do Dolly Parton le streachailt sláinte
Tá íocón ceoil tíre Dolly Parton ag dul trí chúrsaí sláinte dheacra, agus tá a deirfiúr Freida Parton tar éis iarraidh ar lucht leanúna guí léi.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Gradam eile do ExtraG.ie – gradam idirnáisiúnta an uair seo i München extrag.ie/2025/10/08/n...
joebreathnach.bsky.social
CAD FAOI THITHE? Buiséad: Maoiniú méadaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach ní leor é le haghaidh tithíochta nó TG4 agus sin i ndiaidh agóidí móra, ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Níl siad ag dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht extrag.ie/2025/10/07/n...
Buiséad don Ghaeltacht: Ní leor é do thithíochta nó TG4
Tá infheistíocht shuntasach déanta sa teanga sa Bhuiséad i mbliana, le méadú €36 milliún san iomlán, lena n-áirítear caiteachas ar cheantair Ghaeltachta, na
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Faic sa Bhuiséad do lucht PAYE agus fearg i bhFianna Fáil. Tá faoiseamh cánach do ‘building developers’ agus McDonald’s ach níl aon tacaíocht do theaghlaigh atá ag streachailt le costas maireachtála, agus tá Teachtaí Dála mífhoighneach leis an Taoiseach extrag.ie/2025/10/08/n...
Faic sa Bhuiséad do lucht PAYE agus tá fearg i bhFianna Fáil
Tá mearbhall orthu anois faoin gcaoi a bhfuil tacaí cánach sa Bhuiséad €9.4 billiún d’fhorbróirí foirgneamh (building developers), do chuideachtaí ilnáisiúnta
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Meiriceánach ag iarraidh reachtaíocht faoin bPalaistín a stopadh sa Dáil. Scríobh 22 polaiteoir Meiriceánach chuig an Taoiseach chun iarracht a dhéanamh cur isteach ar an mBille a chuirfeadh stop le trádáil le gabhálaithe mídhleathacha talún Palaistíneacha extrag.ie/2025/10/07/n...
Meiriceánaigh ag iarraidh reachtaíocht anseo a stopadh
Tá roinnt polaiteoirí Meiriceánacha fós ag iarraidh cur isteach ar reachtaíocht na hÉireann chun stop a chur le trádáil le gabhálaithe tailte Palaistíneacha,
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Cad atá sa Bhuiséad d’oibrithe agus teaghlaigh? Tá €9.4 milliún á chaitheamh ag an Rialtas sa Bhuiséad le laghdú cánacha agus caiteachas poiblí, ach is do lucht gnó atá sé ag dul extrag.ie/2025/10/07/n...
Cad atá sa Bhuiséad d'oibrithe agus teaghlaigh?
Thug an Rialtas eolas faoi Bhuiséad 2026 don Dáil le €1.3 billiún i laghduithe cánach agus €8.1 billiún i gcaiteachas.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Tá an t-aisteoir Tilly Norwood, a chruthaigh an AI, ag cur fearg ar aisteoirí. An í an chéad 'duine' as go leor eile a dtiocfaidh in áiteanna na n-aisteóirí? extrag.ie/2025/10/06/s...
Tilly Norwood: An chéad réalta AI. Féach uirthi
Tá lucht Hollywood trína chéile le teacht chun cinn Tilly Norwood, réalta nua — ach ní duine daonna í.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Micheál Martin ag obair go dian chun a cheannaireacht a shábháil: Tá ceannaire Fhianna Fáil ag cur an mhilleáin ar Jim Gavin as géarchéim thoghchán an Uachtaráin don pháirtí; agus é ag ullmhú do chruinniú tábhachtach den pháirtí parlaiminte Dé Céadaoin extrag.ie/2025/10/06/n...
Micheál Martin ag obair chun a cheannaireacht a shábháil
Tá cúlbhinseoirí Fhianna Fáil ag caint arís faoi dhúshlán a thabhairt do Mhicheál Martin mar cheannaire, agus ainm Jim O’Callaghan á lua – ach níl aon bheart
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Ar fhíseán: Catherine Connolly ag taispeáint a scileanna peile: Tá iontas ar dhaoine ar na meáin shóisialta faoi Catherine Connolly ag nochtadh a scileanna peile le grúpa páistí. Feach uirthi anseo. extrag.ie/2025/10/06/n...
Catherine Connolly ag taispeáint a scileanna peile
Tá lucht leanúna ag iarraidh go n-ainmneofaí Catherine Connolly sa chéad scuad eile d’Éirinn tar éis di a scileanna peile a thaispeáint Dé Domhnaigh.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Brú ar Mhicheál Martin tar éis do Jim Gavin éirí as an rás don Áras: Tá fearg laistigh d’Fhianna Fáil faoin gcaoi ar láimhseáil an Taoiseach go pearsanta iarratas an pháirtí don uachtaránacht, tar éis do Jim Gavin éirí as an rás extrag.ie/2025/10/06/n...
Brú ar Martin tar éis do Gavin éirí as an rás don Áras
D’éirigh Jim Gavin as an rás Uachtaránachta go déanach oíche Dé Domhnaigh, rud a chuir brú ar Mhicheál Martin mar cheannaire Fhianna Fáil.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Gearradh cánach (tax cut) ‘do McDonald’s ach ní do ghnáth teaghlaigh’: Tá fearg ag fás faoi thuairiscí go mbeidh níos lú le caitheamh ag teaghlaigh tar éis dóibh a gcánacha a íoc an bhliain seo chugainn, agus praghsanna ag ardú go tapa extrag.ie/2025/10/05/n...
Gearradh cánach ‘do McDonald’s ach ní do ghnáth teaghlaigh’
Beidh níos lú le caitheamh ag daoine tar éis dóibh a cánacha a íoc an bhliain seo chugainn mar gheall ar Bhuiséad na seachtaine seo chugainn, de réir tuairiscí.
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
Ceisteanna faoi neamhshuim FF agus FG i leith na Gaeilge tar éis pobalbhreith a thaispeáint go bhfuil cainteoir Gaeilge san Áras ag teastáil: Deir 68% gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann Gaeilge a labhairt, de réir pobalbhreith sa Sunday Independent extrag.ie/2025/10/05/n...
Pobalbhreith: 68% ag iarraidh Uachtarán le Gaeilge
Tá an díospóireacht faoi cibé an mbeadh an chéad Uachtarán eile ar Éirinn in ann Gaeilge a labhairt tagtha chun cinn le pobalbhreith an Sunday Independent an
extrag.ie
joebreathnach.bsky.social
An Nuacht ar ExtraG.ie: Deir 68% de vótálaithe gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann Gaeilge a labhairt + Doireann Ní Ghlacáin: An chaoi ar fhoghlaim mise ‘How to Gael’ + Ar shlí na fírinne: Manchán Magan + Cad as a dtagann an t-ainm: Cill Chainnigh
joebreathnach.bsky.social
Saol na Celebs ar ExtraG.ie le Doireann Ní Ghlacáin ag caint faoin chaoi ar fhoghlaim sí féin ‘How to Gael’ AGUS Oti Mabuse atá ag teacht in ionad Lorraine Barry ar Dancing with The Stars, le Laura Fox in ionad Doireann Garrihy
joebreathnach.bsky.social
Deir 68% de vótálaithe gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann Gaeilge a labhairt: Tá ceisteanna ann faoi neamhshuim Fhianna Fáil is Fhine Gael i leith na Gaeilge tar éis pobalbhreith a thaispeáint go bhfuil cainteoir Gaeilge ag teastáil ó vótálaithe extrag.ie/2025/10/05/n...
Pobalbhreith: 68% ag iarraidh Uachtarán le Gaeilge
Tá an díospóireacht faoi cibé an mbeadh an chéad Uachtarán eile ar Éirinn in ann Gaeilge a labhairt tagtha chun cinn le pobalbhreith an Sunday Independent an
extrag.ie