Lorna
@mouke.bsky.social
1.8K followers 1.3K following 1.4K posts
Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Leabhair. Teangacha. Polaitíocht. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.
Posts Media Videos Starter Packs
Pinned
mouke.bsky.social
Má tá tú nua anseo, is mise Lorna. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn le trí bliana is fiche. Rugadh i Sasana mé, (tá brón orm 😅) ach ba as Baile Átha Cliath mo mháthair. Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge ceithre bliana ó shin. Bím ag postáil i nGaeilge an chuid is mó den am. Fáilte roimh cheartúcháin!
mouke.bsky.social
Tá grúpa eile agam amárach, agus beidh aon duine dhéag ann! Tosaitheoirí fosta.
mouke.bsky.social
Go raibh maith agat 🙂
mouke.bsky.social
Bhí mé in ann seomraí ar leithligh a úsáid gan stró, ar a laghad 😅.
mouke.bsky.social
Rinne mé mo chéad rang Gaeilge do thosaitheoirí sa Nua-Shéalainn anocht, ar líne. Bhí deichniúr sa rang. Cé go raibh mé beagáinín neirbhíseach ar dtús, ceapaim gur éirigh go maith leis.
mouke.bsky.social
Bhí rang iontach agam leis na páistí inniu. Tá siad chomh spreagtha chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá liosta fada rudaí agam ar mhaith leo a fhoghlaim anois! Agus thug siad obair bhaile domsa fosta 😂
mouke.bsky.social
Chonaic mé é! Go hiontach.
mouke.bsky.social
Tá mé an iomarca a tharraingt orm féin, i ndáiríre 😅
mouke.bsky.social
Beidh na torthaí againn i gceann sé lá. Leanann an obair sin ar aghaidh fosta!
mouke.bsky.social
Beidh clár ama gnóthach agam an tseachtain seo, idir trí rang ollscoile, trí rang Chonradh na Gaeilge agus trí rang a bheas á múineadh agam. Gan trácht ar an méid léitheoireachta atá romham. Más ciúin mé anseo, sin an chúis.
mouke.bsky.social
Tá sé suimiúil a bheith ag foghlaim faoi fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil in 1958. Na dúshláin agus na cinntí deacra srl. Níor smaoinigh mé faoi roimhe seo.
mouke.bsky.social
Spotsolas, cúlsolas, ceannsolas, taobhsholas, treoirsholas.
mouke.bsky.social
Ó bheadh sé sin ar fheabhas, maith thú! Ba mhaith liom rud éigin mar sin a dhéanamh mé féin. Go mbaine sibh sult as an saol nua!
mouke.bsky.social
Bhain mé an-sult as an leabhar seo! Comhghairdeas le @antainmac.bsky.social 🎉
oirnagaeilge.bsky.social
✨BUAITEOIR GHRADAM DE BHALDRAITHE 2025✨

TÍR BHEAG
AISTRITHE AG Antain Mac Lochlainn
FOILSITHE AG BARZAZ

#Oireachtas2025
mouke.bsky.social
Comhghairdeas leat @antainmac.bsky.social 🎉
oirnagaeilge.bsky.social
✨BUAITEOIR GHRADAM RÉICS CARLÓ 2025✨

ÉANNA CORR
SCRÍOFA AG Antain Mac Lochlainn
FOILSITHE AG LEABHAR BREAC

#Oireachtas2025
mouke.bsky.social
Tuillte go han-mhaith! Comhghairdeas leat @darachoscolai.bsky.social 🎉
oirnagaeilge.bsky.social
✨BUAITEOIR GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN 2025✨

BÓDLÉAR
SCRÍOFA AG Darach Ó Scolaí
FOILSITHE AG LEABHAR BREAC

#Oireachtas2025
Reposted by Lorna
oirnagaeilge.bsky.social
✨BUAITEOIR GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN 2025✨

BÓDLÉAR
SCRÍOFA AG Darach Ó Scolaí
FOILSITHE AG LEABHAR BREAC

#Oireachtas2025
mouke.bsky.social
🌸🌸 Bhí lá breá gréine againn faoi dheireadh agus bhí an deis agam dul ag siúl sa pháirc.
Crann silíní faoi bhláth Bláthanna silíní agus spéir ghorm Éan beag (waxeye) agus bláthanna silíní Tūī (éan) agus bláthanna silíní
mouke.bsky.social
Aontaím leis. Mise mar an gcéanna.
Reposted by Lorna
aonghusoha.bsky.social
tuairisc.ie/bfhearr-beim...

Is féidir liomsa a rá gur as tír eile domsa, rugadh agus tógadh mé i Meiriceá. Ní raibh Gaeilge ar bith agam, ní dhearna mé Gaeilge ar scoil, ní raibh Gaeilge ag mo theaghlach agus mhúin mé an Ghaeilge dom féin. Is féidir í a fhoghlaim, is féidir teangacha a fhoghlaim.”
‘B’fhearr béim a chur ar an phleanáil teanga seachas ar an litríocht i gcéimeanna Gaeilge’ – Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Dúradh i dTeach Laighean inné gur fadhb í an bhéim ar an litríocht i gcéimeanna tríú leibhéal agus gur chóir léargas a thabhairt ar shaol na Gaeilge
tuairisc.ie
mouke.bsky.social
Inis dúinn níos mó faoi do phleananna! Cá bhfuil tú ag dul?
mouke.bsky.social
Tá am an tsamhraidh linn anois sa Nua-Shéalainn agus tá áthas orm. Ní hamháin go bhfuil an lá ag dul chun síneadh ach bíonn mo ranganna Gaeilge uair an chloig níos déanaí ar maidin.
mouke.bsky.social
9/25 mise. Tá sprioc nua agam anois!
mouke.bsky.social
Ar ndóigh. Is annamh a léim leabhar i mBéarla faoi láthair.
mouke.bsky.social
An chéad cheann eile 📖
Khalil le Yasmina Khadra