Úna Bhreathnach
unaeb.bsky.social
Úna Bhreathnach
@unaeb.bsky.social
Léachtóir i Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Ag obair ar Gaois, Téarma, Logainm, Ainm, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, Canúint, agus Dúchas. Stuif eile freisin. Mo thuairimí féin!
Bíonn muid i gcónaí ag caint faoin aimsir. Seo iad na focla is coitianta i réamhaisnéisí aimsire @tg4.bsky.social sa Chorpas Náisiúnta, bunaithe ar 333 clár aimsire agus 111,647 focal. Buíochas le @momeachair.bsky.social a thiomsaigh.

#Corpas_ie #Gaeilge
January 28, 2026 at 12:43 PM
Agus 100 bliain de chraoltóireacht á cheiliúradh ag @rte.ie, féach ar an gcaoi a ndeirtear 'raidió' i seantaifeadtaí ó 1958 i leith, ar Thaisce Chanúintí na Gaeilge.

www.canuint.ie/ga/cuardach?...
January 15, 2026 at 4:27 PM
Dán Nollag le m'athair ar thosach an Irish Times ar maidin. (Agus a leabhar le foilsiú ag @darachoscolai.bsky.social go luath)
December 24, 2025 at 9:49 AM
Comhghairdeachas le foireann an Fhoclóra @forasnagaeilge.bsky.social as ócáid seolta den scoth in EPIC aréir, agus as acmhainn snasta nua aonteangach a chur inár lámha. Tá céim mhór chun cinn tógtha.
December 10, 2025 at 9:02 AM
"Píosa trealaimh ina bhfuil píosa d'éadach láidir a bhíonn á choinneáil teann ag spriongaí i bhfráma, a léimeann tú suas agus anuas air mar chaitheamh aimsire nó mar spórt" ...agus a iompaítear bunoscionn i bhfad rómhinic! #Stoirm #FoclóirNua
December 9, 2025 at 4:14 PM
Comhghairdeachas ó chroí le @orlaithniici.bsky.social ar éirigh thar barr léi ina viva ar maidin. Pléann a tráchtas le ról imeallach na mban i mbeathaisnéisí na Gaeilge - agus an fáth gur mná iad díreach 10% (!) de bheathaí Ainm.ie. Athróidh an figiúr sin chun feabhais, a bhuí lena cuidse oibre.
December 5, 2025 at 4:18 PM
Meastú an mbeidh ardú mór i stats úsáide Téarma.ie leis an Uachtaránacht nua? (Stats.gaois.ie)
November 11, 2025 at 7:29 PM
An-spéisiúil anseo i gCorcaigh. An bhfuil a fhios againn cén chaoi a raibh cúrsaí roimh 1500, nó go deimhin tar éis 1830?
November 7, 2025 at 3:24 PM
Dhá chaint againn ag #OnaS25 ar ball beag. Fáilte roimh chách!
November 1, 2025 at 8:19 AM
Sop in áit na gruaige
October 30, 2025 at 10:01 AM
Chonaic mé cúpla deacracht leis seo Fintan ach socraithe anois measaim.
October 21, 2025 at 6:20 AM
Baineadh an-gheit asam nuair a chonaic mé é seo seachtain nó dhó ó shin.

Ach má bhíonn an t-Oireachtas ceart go leor ainneoin gach bagairt, beidh cúpla ócáid ag tionscadail Gaois ann. >>
October 17, 2025 at 11:29 AM
🎓Déan PhD le Gaois🎓

🎓Taighde ar ghné den obair againn - logainmíocht, an aimneolaíocht, taighde téarmeolaíochta, corpais, canúintí, béaloideas, teicneolaíochtaí teanga
🎓Stipinn €25k
🎓Beidh tú páirteach i bhforbairt na dtionscadal
🎓Iarratas faoin 30 Samhain
🎓Eolas: www.gaois.ie/ga/blog/dha-...
October 13, 2025 at 3:24 PM
Best Irish Experience? Nil aon locht faoi leith agam ar Aran Ferries, ach tá mé in ann smaoineamh ar rudaí níos deise le déanamh ná sui ar bhád 🤢
October 4, 2025 at 5:01 PM
Comhdháil faoi dhineasáir, is dóigh
October 4, 2025 at 11:13 AM
Taispeántas breá faoin gCadhnach i bhforhalla na Leabharlainne in Ollscoil na Gaillimhe as seo go ceann cúpla seachtain. Grianghraif agus pictiúir bhreátha, neart foghlamtha agam. Arna choiméad ag Chris McCann.
October 4, 2025 at 11:10 AM
Mór an spórt i gcónaí bheith ag Comhdháil Ollscoil na Gaillimhe. Agus an oiread sin comhghleacaithe @fsg-dcu.bsky.social ag caint inniu!
October 3, 2025 at 4:19 PM
Íomhá na seachtaine ó @duchas-ie.bsky.social. Rafta ar an Life, Feabhra 1980. Ón Urban Folklore Project. Céard sa diabhal atá ar bun acu? Mic léinn? An bhfuil jíons ar dhuine acu? 🔍

www.duchas.ie/ga/cbeg/52753
September 23, 2025 at 11:06 AM
Tar ar cuairt ag @logainm.bsky.social ag an Oíche Cultúir in @dublincityuni.bsky.social !
September 19, 2025 at 2:13 PM
📣*An teangeolaíocht chorpais i dteangacha na hÉireann*, 13/14 Samhain in @fsg-dcu.bsky.social.

Deis caint faoi Corpas.ie agus neart neart neart eile: taighde ar Bhéarla na hÉireann; gramadóirí; spórt; an Chúirt Uachtair; canúintí; Gaeilge na nDéise; cód-mheascadh; oideachas...

Clárú ⬇️
September 10, 2025 at 9:18 AM
Dar leis an @irishtimes.com gur "modern-day saois" atá i @gaois.bsky.social 🤣
August 23, 2025 at 5:08 PM
August 15, 2025 at 9:17 AM
Go deimhin.
August 11, 2025 at 12:35 PM
An mbíonn sibhse ag insint seanscéalta Ceilteacha cois tine, tráthnóntaí ceomhara?
August 6, 2025 at 6:48 PM
Teoiricí ar an trá. Bhí leabhrán ceisteanna ar fáil le dul leis chomh maith... Ceann eile le cur in oiriúint do na Gaeil @darachoscolai.bsky.social ?
July 29, 2025 at 7:14 PM