Caoimhín Ó Scanaill
banner
kscanne.bsky.social
Caoimhín Ó Scanaill
@kscanne.bsky.social
Iarollamh
GRMA. Tá mé ag dul trí Sengoidelc faoi láthair le mac léinn de mo chuid. Léigh mé é roinnt blianta ó shin i m'aonar, ag lorg tuiscint níos doimhne ar ghramadach na Nua-Ghaeilge. Tá mórán eolais ag an bhfear óg seo ar an Laidin, an Ghréigis, fiú Sanscrait!—tá muid "ag breathnú siar" an uair seo!
July 16, 2025 at 4:32 PM
An-mhaith! Is breá liom aon suíomh la bhfuil cló aonleithid agus dathanna seanteirminéal Unix air ❤️ Mar eolas, bhí an nasc GitHub briste - nasc coibhneasta atá ann sílim
July 9, 2025 at 6:20 PM
Dúshlán mór, agus beidh sé níos measa sna blianta atá romhainn. Nóta amháin ar son lucht an Oireachtais — d'aithin siad an bhagairt seo chomh fada siar le 2023 — rinne mé comhrá le Máirín an samhradh sin. Sílim go ndúirt mé nach mbeadh fadhb ann ar feadh cúpla bliain, ach cinnte tá sé ann anois.
July 7, 2025 at 8:54 PM
Tá. Cuir rphost chugam? An t-ainm úsáideora céanna @ gmail
July 7, 2025 at 8:35 PM
Chonaic mé pickup idir Eugene agus Bend a raibh dhá ghreamán air: #1, ceann a raibh stumpa crainn air, "ná bí buartha, thug mé barróg dó ar dtús", agus #2, "druileáil anseo, druileáil anois, ní ritheann an trucail seo ar mhún na n-aonbheannach" Tá siad ann, inár measc. 😢
July 6, 2025 at 8:10 PM
Go hálainn. Thug mé faoi deara meascán idir cultúr gorm agus dearg anseo... is baile acadúil forásach é Eugene, cairdiúil don timpeallacht, rothaíocht etc. ach tá sé i bhfad níos Trumpaí faoin tuath, cosúil le Missouri.
July 6, 2025 at 8:01 PM
Go raibh maith agat! Rachaimid siar arís Dé Céadaoin agus beidh deis againn cuairt a thabhairt air is dócha.
July 6, 2025 at 6:46 PM
Scamall ar bith (beagnach) in Bend inniu
July 6, 2025 at 6:09 PM
Cur chuige corpasbhunaithe chun an liosta frásaí sin a thógáil (na mílte r-phost Gaeilge ó mo bhosca féin) ar ndóigh. Faraor ní dóigh liom go mbeidh deis againn nuashonrú a dhéanamh air 🤷‍♂️
July 6, 2025 at 4:50 PM
Tá, i bhFirefox amháin (féach pic). Chuir Google ruaig ar an rogha sin in Chrome in 2016 — caithfear breiseán a shuiteáil chun ionchódú a athrú/dheisiú anois.
June 8, 2025 at 12:43 AM
Gabh mo leithscéal - feicim anois go ndúirt tú "ainmneacha Gaeltachta"! Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid uirlise ann
June 5, 2025 at 3:44 PM
Rinne mé é seo ag féile idirnáisiúnta de chuid Mozilla blianta ó shin — píosa spraoi. Bhaist mé ainm Gaelach ar gach duine agus thug mé braoinín Jameson dóibh — bhí ciú an-fada ag an mboth Éireannach ann! An ndéanfadh an suíomh seo cúis? cadhan.com/gaelu/foirm....
Ainmneacha Gaelacha
cadhan.com
June 5, 2025 at 12:06 PM
Níor cuireadh buíochas le Dia, ach ní aithneofá an chéad chomharsanacht eile, an méid sin crann leagtha
May 22, 2025 at 3:09 PM
Go raibh maith agat a chara!
May 12, 2025 at 6:00 PM