Caoimhín Ó Scanaill
banner
kscanne.bsky.social
Caoimhín Ó Scanaill
@kscanne.bsky.social
Iarollamh
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Gramadóir ag iarraidh fadhbanna a chruthú dom... @kscanne.bsky.social 😐
July 29, 2025 at 9:32 AM
Ag spraoi le ChatGPT; siabhránú amach is amach (an nasc le eDIL san áireamh)
July 17, 2025 at 1:19 PM
Níor thug mé faoi deara riamh gur ionann iarmhír an tsaorbhriathair -t(e)ar agus faí chéasta na Laidine -tur, ón bhfréamh chéanna PIE. 🫣 Mar shampla "Graecum est, non legitur" = "is Gréigis é, ní léitear (é)". Nó an bhfuil mé ar strae? @davidstifter.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social
July 16, 2025 at 1:14 PM
Seachtain ar saoire in Oregon... Míolta móra agus cúpla curiarracht an domhain inné ag @preclassic.bsky.social!
July 6, 2025 at 5:06 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
What he said. 🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿
June 27, 2025 at 10:04 AM
Ó mhac léinn de mo chuid 🤦
June 25, 2025 at 11:30 AM
Na foghlaimeoirí a bhí agam san earrach... bhronn mé fáinne airgid ar cheathrar sa ghrúpa seo. Déanfaidh bean amháin cúrsa Gaeltachta i mbliana freisin 👍
June 5, 2025 at 12:14 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Cad a tharla 29 Samhain 2024? É seo.
Tuairisc ar sheoladh Corpas.ie, 29 Samhain 2024
Seoladh Corpas Náisiúnta na Gaeilge 29 Samhain 2024. Caitear súil siar ar an ócáid sa bhlagmhír seo.
www.gaois.ie
May 21, 2025 at 9:08 PM
Nuacht eile ón meániarthar — tháinig tornádó anuas thart ar mhíle ónár n-árasán (an ciorcal dearg) an tseachtain seo caite. Theip ar an gcóras rabhaidh faraor, agus rinne sé scrios uafásach i dtuaisceart na cathrach
May 22, 2025 at 1:26 PM
Seachtain amháin eile sa seimeastar — ag múineadh na Gaeilge sa choláiste pobail anseo. Grúpa an-deas an-díograiseach. Éireannach amháin, cúpla teangeolaí, agus fear eile a bhfuil 10 dteanga ar a thoil aige. Bronnadh na bhfáinní airgid an tseachtain seo chugainn!
May 22, 2025 at 1:16 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Ceannaigh Na Draoithe anois! dalen.ie/collections/...
March 26, 2025 at 8:54 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Is fiú éisteacht leis seo agus freastal ar Ghradaim Cheoil @nosmag amárach! open.spotify.com/episode/1Ih2...

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag an gceol Gaeilge ó tosaíodh ar na Gradaim a bhronnadh. Cuma pé rud a deirtear spreagann duaiseanna daoine le ceol a chumadh agus le feabhsú freisin!
Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge
Seachtain · Episode
open.spotify.com
February 20, 2025 at 7:49 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill

Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís – @maitiuocoimin.bsky.social

Ní hionann leas mórchomhlachta agus leas pobal teanga. Foinsí oscailte abú!
tuairisc.ie/ta-google-as...
Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís
Deir duine den mheitheal a d’aistrigh Gmail go Gaeilge gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfear aon togra mór aistriúcháin eile ar sheirbhísí dá leithéid
tuairisc.ie
December 11, 2024 at 7:19 AM
Focail a tháinig chun cinn go láidir in 2024: bánú, fíordheis(e), bréagaisnéis, toghlimistéar, algarta(i)m, teangabhunaithe, drón, cinedhíothú, céadrogha, díolúine/díolúintí, comhghuaillíocht, tithíocht, airtléire
December 9, 2024 at 11:46 AM
connectionsplus.io
December 6, 2024 at 12:55 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
'Cé mhéid duine acadúil a theastaíonn le crann a chur?', mar a dúirt an grianghrafadóir féin linn. @fsg-dcu.bsky.social
Seoladh Corpas Náisiúnta na Gaeilge Dé hAoine seo caite i Leabharlann Uí Criagáin, DCU. Tá 100 milliún focal Gaeilge ann, bailithe ó fhoinsí scríofa agus labhartha araon, ina measc Ros na Rún, úrscéalta, na meáin shóisialta, agus go leor eile.
December 3, 2024 at 10:38 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
December 3, 2024 at 6:14 PM
Níos éasca, sílim: connectionsplus.io/game/RH4Gox
December 3, 2024 at 1:07 PM
Sa bhaile arís tar éis seachtain spreagúil i mBaile Átha Cliath. Seo daoibh an cluiche a cheap mé ar an eitleán: connectionsplus.io/game/70uzpD
December 2, 2024 at 3:38 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill

‘Tá 100 milliún focal bailithe againn - ní beag an méid é sin’ – The Irish Times

@corpas-ie.bsky.social faoi chaibidil i gcolún @eocaollai.bsky.social
www.irishtimes.com/tuarascail/2...
‘Tá 100 milliún focal bailithe againn - ní beag an méid é sin’
Corpas Náisiúnta na Gaeilge: acmhainn cheannródaíoch seolta go hoifigiúil
www.irishtimes.com
December 2, 2024 at 6:21 AM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Tá rudaí áirithe ann nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile ar líne. Tá alt Mháirtín Uí Chadhain forbartha go maith agus go leor alt ceangailte agam leis bunaithe ar a chuid saothar. A lán den eolas níl sé ar fáil ach ansin. Is cóir dúinn a leithéid a leathnú.
December 1, 2024 at 3:35 PM
Rud beag, ach tháinig feabhas ar an aistriúchán Gaeilge ar Bluesky le déanaí. Bhí rud éigin ciotach ann roimhe seo: "X agus Y: mhol siad do phostáil". Buíochas do na forbróirí a chabhraigh linn an t-athrú seo a chur i bhfeidhm. CC @aonghusoha.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social
November 30, 2024 at 5:06 PM
Reposted by Caoimhín Ó Scanaill
Léigh mé 15 alt randamach. 3 alt nach raibh mórán fiúntais leo, ach gan bhotún. 4 alt a raibh roinnt botún beaga teanga/easpa cúraim is focail ar lár iontu. Na cinn eile gan bhotúin/go maith, cé go raibh cuid acu simplí go leor. Na botúin glanta ó shin. Níor theastaigh saineolas mór lena dhéanamh.
November 30, 2024 at 3:03 PM
👍👍👍
Tá dul chun cinn mór déanta ag an suíomh le tamall de bhlianta. Caighdeán níos airde trí chéile ⁊ ailt shuimiúla mhaithe á gcur leis i rith an ama. Ní gá do lucht a cáinte ach beagán oibre an duine a dhéanamh chun í a fheabhsú
November 30, 2024 at 12:25 PM
connectionsplus.io
November 30, 2024 at 11:14 AM