Conchúr Mag Eacháin
banner
mageachain.bsky.social
Conchúr Mag Eacháin
@mageachain.bsky.social
Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA.
Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC
Cé gur cúl/cul f(h)ái(che) a deirtear!

Tá mé ceanúil ar an cheann sin. Chuala mé é ar Dar le Daideo ar Cúla4 le déanaí, bhí mé ar bís 😅

Niall Mac Eachmharcaigh an daideo, tá sé an-mhaith
February 12, 2026 at 5:41 PM
Whuppity Stoorie tho' 🤩
February 12, 2026 at 12:33 PM
Rum-Stil-Stilschun ab ea? 😄

Seans gir cumadóireacht atá ann. Tá liosta de na scéalta atá cosúil le scéal Rumpelstiltskin ar duchas.ie (AT500)

Príomhbhailiúchán
www.duchas.ie/en/cbe/items...

BnaS
www.duchas.ie/en/cbes/stor...

Féach an méid seo sa Handbook of Irish Folklore fosta
February 12, 2026 at 11:52 AM
Tá sé i mBnaS fosta dála an scéil - 3 shampla as Gaillimh; Cois Fharraige agus an Cheathrú Rua.

www.duchas.ie/en/cbes/tran...
February 12, 2026 at 10:57 AM
Ná luaigh cál...😄 sin a bheadh agamsa ar chabáiste is dóigh
February 12, 2026 at 10:02 AM
Is dóigh nach mbíonn an t-idirdhealú i gcónaí soiléir. Cabáiste = cabbage, coleworth, cauliflower ag Dinn. Cóilís = cabbage aige.

Cóilis = Gabáiste i staidéar a rinne Ó Diréain ar Ghaeilge Árann....'gabáiste an rud ceart!" arsa faisnéiseoir amháin!
February 12, 2026 at 9:54 AM
Tá an cheist sin spéisiúil cinnte. Tá focla áirithe EN le fáil i roinnt ceantracha Gaeltachta, cinn eile a bhaineas le ceantracha ar leith, cinn eile a bhfuil brí ar leith acu nach bhfuil sa EN - tá spéis agamsa sna cinn sin!

Tá sé spéisiúil gur cóilís = cabbage i bhFoclóir Uí Raghallaigh (1817)
February 12, 2026 at 9:47 AM
CC = Cill Chiaráin

Tím cóilis, gabáiste in Foirisiún Focal fosta (20= Cois Fharraige) ach saghas gabáiste atá luaite leis in Gaeilge Chois Fharraige.

Is aisteach iad na rudaí a chuireas síos poll coinicéir mé!
February 12, 2026 at 9:27 AM
Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis.
Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige:

Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste.

Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...
February 12, 2026 at 9:07 AM
Chaith mé an iomarca ama sáite sna léarscáileanna stairiúla déarfainn ach braithim uaim an píosa oibre sin. Chuir mé eolas ar neart rudaí spéisiúla.

Saint Deriola's Well i Luimneach agus Gobnet's Fort in aice leis áit a rabh cónaí uirthi 😁

St Gobnet's Well nó St Deborah's Well go háitiúil.
February 11, 2026 at 4:50 PM
February 11, 2026 at 11:16 AM
An té a léigheanns an leabhar
‘S nach gcoinnigheann ina mheabhair;
Nuair ‘chailleanns sé an leabhar
Bíonn sé ‘na bhaileabhair. 😀
February 6, 2026 at 5:06 PM
Maith iad! Scolbadh in EID ach níl sé in FGB spéisiúil go leor. Scolb ag an Mháilleach in An Béal Beo agus 'scolb ar ubh' in FGB. Deas, grma!
February 3, 2026 at 9:58 PM
Is cinnte nach feirmeoir mise! Ach tá an méid seo in An Béal Beo, níl a fhios agam an bhfuil 'pipping' clúdaithe sa chur síos sin.
February 3, 2026 at 9:34 PM
Tháinig muid slán ón gheimhreadh sona daoibh
February 1, 2026 at 8:16 PM
An-leabhar a fuair muid ó Shanta.

Teachtaireacht an leabhair (dar liom féin agus mé in mo chonchobar ar ndóigh):

Níl cait le trust
January 28, 2026 at 8:49 PM
Spéisiúil. Tá mé tar éis é a fheiceáil ar Meitheal logainm.ie ó shin fosta DAS. Bíonn casadh ann go minic sna logainmneacha ar ndóigh, an t-amhrán fá Chasadh Cam na Feadarnaí a rith liom ag an am!
January 28, 2026 at 6:11 PM
Tá suíomh an tuaiscirt go maith fosta agus é ceangailte le taifeadtaí scanáilte. Ní fheicim ach ceann amháin agus í i mBoirinn an Dúin...ach t
á sí imithe ó shin is cosúil.

experience.arcgis.com/experience/8...
January 28, 2026 at 1:13 PM
🎵Is nach i gCarna bhíonns an spóirt a’inn lá Mhic Dara🎵

Bíodh an liosta spite réidh agat do lár mhí Iúil
January 28, 2026 at 11:59 AM
Ba chóir domh a rá gur féidir na clocha mallachta a chuartú ar an tsuíomh iontach seo. Abair úsáideach.

heritagedata.maps.arcgis.com/apps/webappv...
January 28, 2026 at 11:40 AM
Sea rud éigin mar sin
January 27, 2026 at 9:03 PM
Sea sin an leagan lom a bheadh agamsa, agus atá in FGB fosta
January 27, 2026 at 7:18 PM
😅
January 27, 2026 at 6:10 PM
Nach fíor an méid sin
January 27, 2026 at 5:47 PM
Shílfeá sin cgl. Sin an úsáid atá aige i roinnt samplaí eile agus tá sé in FFG fosta tím (Cois Fharraige & Mionlach/Tomás Laighléis)

focloiruichadhain.ria.ie/1/?txt=bronnta
January 27, 2026 at 4:51 PM