Fergus Ó Néill
banner
fergusone.bsky.social
Fergus Ó Néill
@fergusone.bsky.social
Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
Dá gcuirfí cinntí an AE faoin inneall dócháin inmheánaigh ("ná lean an eolaíocht" ?) agus faoin iascaireacht ("lean an eolaíocht" ?) i gcomparáid lena chéile...
December 13, 2025 at 1:30 PM
Tá ginearál mór le rá - ar uachtarán ar an Acadamh Feidearálach um Pholasaí Slándála abhus é - ag moladh go n-oibreofar 48 seachas 40 uair sa tseachtain amach anseo le costais mhíleata & costais an bhuneagair a bhaineann leo a sheasamh.

Uain an-chrú-ar-an-tairne buailte linn?
December 12, 2025 at 3:01 PM
An ar nós turais i scinnárthach an saol sa lá inniu i gcomparáid leis an saol a chaith ár sinsir 150 bliain ó shin agus gan an dara rogha acu ach a bheith de shíor "ag treabhadh na dtonn go tréan"?
December 10, 2025 at 6:02 AM
Léaró dóchais i ngéibheann an Gheimhridh: ó thaobh am dul síos na gréine de is lá sroichte an ghrinnill an lá inniu. Fanfaidh sé mar seo ar feadh ceithre lá agus ansin beidh na tráthnónta ag dul i bhfad arís. 🌄

Wenn das keine gute nachricht ist!
December 9, 2025 at 11:00 PM
Lios an Mheatha
The Lissava Dolmen • Tipperary

You can find this portal tomb hidden away in Scaragh Wood, close to the town of Cahir in South Tipperary.

Based on excavated examples, it likely dates to the earlier to middle part of the Neolithic period, making it around 5,500 years old.

#SpéirGhorm #Ireland
December 4, 2025 at 9:01 PM
An bhfanfaidh 'dul faoi' mar a bhí sé: firinscneach?
A high-level Vatican commission has voted against allowing women to serve as deacons, maintaining the Church's practice of all-male clergy, according to report given to Pope Leo XIV.
Vatican commission votes against women deacons
A high-level Vatican commission has voted against allowing women to serve as deacons, maintaining the Church's practice of all-male clergy, according to report given to Pope Leo XIV.
www.rte.ie
December 4, 2025 at 12:21 PM
Bhíos i lár na cathrach ar maidin agus - rud nár tharla riamh - tholg mé aicíd na hAoine Duibhe. Agus caithfidh a rá go raibh mé an-shásta leis na praghasanna.
November 28, 2025 at 6:42 PM
Fíricí fánacha:
1. Sa bhliain 2024 comhaireadh 350,000 eitilt trasatlantacha.
2. Is ionann an dochar don aeráid mar thoradh ar an cogadh sa Chorrán Méith sa bhliain 2003 agus an dochar a dhéanfadh 150 milliún eitilt trasatlantacha ó Pháras go Nua-Eabhrac.
November 27, 2025 at 6:26 AM
Táim ag féachaint ar shraith Dhanmhargach iontach darb ainm Borgen atá á taispeáint ar sheirbhís sruthaithe cháiliúil. Is faoin pholaitíocht í - ciallaíonn Borgen "an dún" nó "an caisleán" & is é an caisleán atá i gceist ná Christiansborg a bhfuil an dáil, an rialtas agus chuile shórt lonnaithe ann.
November 22, 2025 at 11:09 AM
Ar feadh meandair chuir sin an seanfhód sna 1960í i gcuimhne dom: an bóthar (beagnach) dubh le rothair. Bhíodh rothar dubh téagartha ag na daoine fásta: an cuimhin le héinne an t-ainm nó an déantóir? Bhí an rothar céanna cineál caighdeánach.
Goedeavond from Utrecht, who today @eiturbanmobility.eu named the most bicycle-friendly city in the world:

“What sets Utrecht apart is that it has understood something paramount long before most others, that the goal is no longer to make space for cycling, but to construct the city around cycling.”
November 19, 2025 at 10:20 AM
Nach breá an rud é a bheith ar an taobh deisil de dhráma an nóiméid dheireanaigh!
WM-Qualifikation: Irland schlägt dank Troy Parrott Ungarn und steht in den Playoffs: Die irische Fußballnationalmannschaft musste gegen die favorisierten Ungarn gewinnen, um in die Playoffs einzuziehen. Zweimal lag das Team zurück. Dann kam der große Auftritt von Stürmer Troy Parrott.
WM-Qualifikation: Irland schlägt dank Troy Parrott Ungarn und steht in den Playoffs
Die irische Fußballnationalmannschaft musste gegen die favorisierten Ungarn gewinnen, um in die Playoffs einzuziehen. Zweimal lag das Team zurück. Dann kam der große Auftritt von Stürmer Troy Parrott.
www.spiegel.de
November 16, 2025 at 5:53 PM
🧵🥩 D'ith mé Schnitzel i mbialann le déanaí. Bhí amhras orm an túiscé a chonaic mé é mar bhí an cumhdach as grabhróga aráin dúdhonn, crua agus greamaithe den fheoil - ba chóir an cumhdach a bheith ní ba ghile, beagáinín rocach agus ina luí go héadrom ar an bhfeoil.
November 14, 2025 at 9:32 PM
"mórthír" ?
Almost a quarter of a million people living in the UK applied for an Irish passport last year, the highest number since the UK formally left the European Union
Post-Brexit record in Irish passport applications from UK
Almost a quarter of a million people living in the UK applied for an Irish passport last year, the highest number since the UK formally left the European Union.
www.rte.ie
November 14, 2025 at 10:25 AM
An bhfuil leagan sásúil Gaeilge den nath nua-aoiseach sin: Ag caint na cainte, ag siúil an tsiúil?
November 12, 2025 at 11:37 PM
Nach íorónta é gur don choimisinéir ón seanfhód (tír na "n-easaontóirí ciapacha" sna blianta beaga) a tugadh an cúram sin an réimeas nua faisnéise a chur i bhfeidhm? 🤔
Ní foláir nó gur bhain sé seitgháire as duine nó dhó sa cheanncheathrú.
November 12, 2025 at 11:56 AM
Deacair a bhréagnú.

youtube.com/shorts/kqwQX...
Lebensweisheiten eines 100-Jährigen
YouTube video by Daniel Pleunik
youtube.com
November 11, 2025 at 9:10 PM
Bhíos i gKarlsruhe inniu. Chuir síad cuid den chóras tram faoi thalamh tamall de bhlianta ó shin. Ba thionscnamh conspóideach é (mar is gnáth). Is rud suntasach é cé chomh ard is atá an tsíleáil. Cén fáth a bhfuil an tsíleáil chomh ard sin?
November 11, 2025 at 8:59 PM
Mo cheiliúradh beag uachtaránach: Tá an bheoir seo ar na sé bheoir is fearr sa Ghearmáin.
November 11, 2025 at 3:44 PM
Deirtear nach bhfuil sé ag teacht le cúinsí an tsaoil sa lá inniu.

Ach, in ainm Dé, cad a chuirfí in ionad na foclaíochta sin?

a. "I láthair an nualiobrálachais uilechumhachtaigh"
b. "I láthair an nuachoimeádachais uilechumhachtaigh"
c. "I láthair na bhfathach teicneolaíochta uilechumhachtach"
President-elect Catherine Connolly will be inaugurated at the Áras tomorrow.

The Constitution states that the president when entering office must make a declaration “in the presence of Almighty God”.

Should references to religion be removed from the presidential oath? jrnl.ie/6869936
Should references to religion be removed from the presidential oath?
The Constitution states that the president when entering office must make a declaration “in the presence of Almighty God”.
jrnl.ie
November 10, 2025 at 12:00 PM
An é go bhfuil fíric mhíchompordach (alt a dó) curtha in iúl ag an Uasal Yates agus, fiú amháin, gar déanta aige don phobal (an chuid de, ar aon nós, a bhí dall ar an bhfíric chéanna)?

Dar ndóigh, dá mhéad agus dá shaibhre an tír i gceist is ea is mó na coimhlintí leasa.
Ivan Yates insisted he's "done nothing wrong" in his first interview since the media training controversy that erupted over his role in the presidential election.

He further accused the media industry of being "riddled with conflicts of interest".

www.thejournal.ie/rte-radio-ne...
Ivan Yates insists he's 'done nothing wrong' in first interview since media training controversy
Yates insisted he had ‘broke no rules’ over his coaching of Jim Gavin while acting as a pundit.
www.thejournal.ie
November 10, 2025 at 11:12 AM
An fíor é go bhfuil an baol ann go mbainfear an cruinniú mullaigh den stát thall nuair a bheidh uachtaránacht an AE ag an rialtas i mBÁC? De bharr cúrsaí slándála? An bhfuil taispeántas náireach ag bagairt? 😳
November 9, 2025 at 9:40 PM
An aithníonn aon duine an tsráid?
Dublin (1957)
by Leonard McCombe
November 8, 2025 at 3:04 PM
Tuairiscítear sa mheáin abhus nach dtabharfaidh ceannaire rialtais na tíre leis an ngeilleagar is mó san Eoraip ach sciuird ghearr ar an gcruinniú mullaigh agus go bhfogróidh sé gur tábhachtaí an t-iomaíochas don rialtas atá i gcumhacht faoi láthair.
Governments heading to the UN COP30 climate summit in Brazil are bracing for the possibility that the Trump administration may seek to disrupt negotiations at the event, even without any US officials showing up.
Diplomats worry absent US could influence COP30 summit
Governments heading to the UN COP30 climate summit in Brazil are bracing for the possibility that the Trump administration may seek to disrupt negotiations at the event, even without any US officials ...
www.rte.ie
November 7, 2025 at 1:24 PM
Nath Gearmáinise an Lae: Papier ist geduldig. ("Tá páipéar foighneach.")
Not for the first time, the Government's fortunes rest on housing delivery. That weight of expectation is also vested in the Coalition's long overdue revamped Housing Plan, writes Political Reporter Sandra Hurley
Government's fortune rests on delivery of housing
Not for the first time, the Government's fortunes rest on housing delivery. That weight of expectation is also vested in the Coalition's long overdue revamped Housing Plan, writes Political Reporter S...
www.rte.ie
November 5, 2025 at 6:07 AM