Fergus Ó Néill
banner
fergusone.bsky.social
Fergus Ó Néill
@fergusone.bsky.social
Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
An ar nós turais i scinnárthach an saol sa lá inniu i gcomparáid leis an saol a chaith ár sinsir 150 bliain ó shin agus gan an dara rogha acu ach a bheith de shíor "ag treabhadh na dtonn go tréan"?
December 10, 2025 at 6:02 AM
Dála an scéil, níl "mochóir" san fhoclóir nua fós...
December 10, 2025 at 5:33 AM
Léaró dóchais i ngéibheann an Gheimhridh: ó thaobh am dul síos na gréine de is lá sroichte an ghrinnill an lá inniu. Fanfaidh sé mar seo ar feadh ceithre lá agus ansin beidh na tráthnónta ag dul i bhfad arís. 🌄

Wenn das keine gute nachricht ist!
December 9, 2025 at 11:00 PM
Má theastaíonn ó pholaiteoirí i bpoblacht bheith fós ag aisteoireacht go poiblí i róil atá as dáta leis na cianta, tá leigheas air sin: Fasching (carnevale)!
November 21, 2025 at 11:19 AM
Bhíos i gKarlsruhe inniu. Chuir síad cuid den chóras tram faoi thalamh tamall de bhlianta ó shin. Ba thionscnamh conspóideach é (mar is gnáth). Is rud suntasach é cé chomh ard is atá an tsíleáil. Cén fáth a bhfuil an tsíleáil chomh ard sin?
November 11, 2025 at 8:59 PM
Mo cheiliúradh beag uachtaránach: Tá an bheoir seo ar na sé bheoir is fearr sa Ghearmáin.
November 11, 2025 at 3:44 PM
An bhfuil an freagra ar eolas ag éinne? 😉
October 31, 2025 at 5:31 PM
Má tá ocras ort...
October 31, 2025 at 12:46 PM
Go maire an dreoilín (teaspaigh)!

Is é an cúram a bhíonn orm sa samhradh ná na feithidí a thagann isteach a chur amach arís. Chun an cuspóir sin a bhaint amach go síochánta bhí athrú feidhme le bronnadh ar ghloine & cárta poist. Tá mo chara saortha as an tollán mearbhlach & ..😉 ar a sheanléim arís.
September 20, 2025 at 6:47 PM
Nuair a fhilleann an samhradh ar feadh tréimhse ó lár mí Mheán Fómhair amach agus an fomhar sna crainn cheana féin tugtar "Altweibersommer" (samhradh na seanbhan) ar an tréimhse sin. Bhí Altweibersommer gleoite againn anseo ar feadh cúpla lá ach ní mór slán a ghabháil leis anois.
September 20, 2025 at 5:51 PM
Ba sa bhliain 1972, i lár na ré draíochta úd, a cuireadh Simon and Garfunkel's Greatest Hits amach ar an margadh agus níorbh fhada go raibh an ceirnín i mbeagnach gach teaghlach ina raibh déagóirí.
August 30, 2025 at 8:14 PM
Ceartúchán: "Tá súil agam nach ar nós neach éigin den chineál é a chuir Proinsias Mac na Cloiche le chéile." 😅
August 30, 2025 at 7:21 PM
Tomhas litríochta: is é an leasainm atá curtha agam ar na bróga nua seo ná "meine Budden". Cén branda atá i gceist?
July 8, 2025 at 6:42 PM
Táimid i lár toinne teasa faoi láthair agus tá 35°C á thuar don tseachtain seo romhainn.
June 29, 2025 at 10:49 AM
Ach fainic an t-olc! (Mar is ann dó i mBasel freisin.
June 22, 2025 at 10:31 AM
June 1, 2025 at 7:06 PM
May 30, 2025 at 7:14 PM
May 29, 2025 at 12:59 PM
May 29, 2025 at 9:10 AM
Is éachtach an radharc é an caisleán i nDún Éideann.
May 28, 2025 at 1:39 PM
An uair dheireannach a bhí mé san ionad taistil seo bhí JFK & Adenauer ina gceannairí rialtais ach níorbh ann fós do bhalla Bheirlín.
May 20, 2025 at 7:25 PM
Cróch i mbláth na hóige.
March 20, 2025 at 5:31 PM
Plúiríní sneachta. Schneeglöckchen (cloigíní sneachta).

Tá athrú chun feabhais ar an aimsir.
March 6, 2025 at 9:47 PM
Inniu Rosenmontag (Luan na Rósanna) agus i gceann dhá lá (Céadaoin an Luaithrigh) beidh deireadh le Fasching agus leis an spraoi.
Déantar Eierlikör Berliner le linn an tséasúir seo agus bíonn síad díolta amach go luath sa lá ag an mbáicéir a dhéanann na cinn is fearr.
March 3, 2025 at 12:40 PM
Níl ach 8°C sa teocht ach tá roinnt daoine ina suí amuigh agus iad ag crú na gréine. Mise ina measc. B'fhada linn an geimhreadh i mbliana, is dócha.
March 3, 2025 at 11:29 AM