Fiontar & Scoil na Gaeilge
@fsg-dcu.bsky.social
390 followers 190 following 24 posts
Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU). Scoil ildisciplíneach. Tá cúrsaí bunchéime agus iarchéime á dtairiscint againn. Lonnaithe ar Champas na Naomh Uile, DCU. URL: https://www.dcu.ie/fiontarscoilnagaeilge
Posts Media Videos Starter Packs
Pinned
fsg-dcu.bsky.social
Whether you wish to practice or simply enjoy socialising through the language - fáilte roimh chách!
We warmly invite staff of all abilities to join our friendly Irish-language conversation circle, come and join Pádraig Ó Liatháin!
📍@dublincityuni.bsky.social Glasnevin Restaurant
📅 Tomorrow
🕚 11.30
fsg-dcu.bsky.social
Déanann foireann na Scoile comhghairdeas le Dara Cahill as Duais de Fréine 2025 a bhaint. Bhain Dara an gradam seo agus an marc is fearr aige i measc mhic léinn na chéad bhliana.

Ba phribhléid é fáilte a chur roimh mhuintir de Fréine agus Cahill le gradam Dhara á chéiliúradh.
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
livunipress.bsky.social
Most read in Studia Hibernica this week:
'Theatre in Ireland in the mid-nineteenth century: the troubled 1840s' by Karina Holton
Read it online: bit.ly/SH-Holton
@ciarandunbarrach.bsky.social @bairishstudies.bsky.social @dublincityuni.bsky.social @irishinstitute.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social
The Studia Hibernica social media graphic features the white plain cover of the journal to the left atop four bright red rectangles as the journal's motif, with the journal summary written to the right which reads: 'Devoted to the study of the Irish language and its literature, Irish history and archaeology, Irish folklore and place names, and related subjects.' The background is a pale blue acrylic abstract painting of the Irish sky with the LUP logo in white on the top right.
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
coliathain.bsky.social
Is mór an spórt na tras-scríbhinní raidió ar @corpas-ie.bsky.social. Léargas ionraic ar an teanga labhartha. Neart athrá ann.

Mar shampla ...

tá × 6

Tá tá tá tá tá tá dúshláin mhóra a' baint leis sin.

níl × 6

níl níl níl níl níl níl ómós ar bith gon feirmeoir sa tír seo.
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
dublincityuni.bsky.social
Irish is no longer just the language of saints and scholars, but of queer poets and writers who are sharing their stories.
Piece by Dr Seán Mac Risteaird @seanmacristeaird.bsky.social of @fsg-dcu.bsky.social for @rtebrainstorm.bsky.social.
Read here: launch.dcu.ie/3SZePUv
#RTEBrainstorm
Photo by nito100 on iStock
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
fsg-dcu.bsky.social
Ar mhaith leat do scileanna teanga & criticiúla a fhorbairt? San MA seo beidh tú ag freastal ar mhodúil spreagúla a tharraingíonn ar ár dtaighde: an teangeolaíocht fheidhmeach, teoiricí inscne & liteartha, an traidisiún béil & na daonnachtaí digiteacha: [email protected]
#Gaeilge
fsg-dcu.bsky.social
An Dr Síle Denvir agus an Dr Róisín Blunnie i mbun ceoil ar Champas na Naomh Uile - Go raibh maith agaibh, a chairde, as sólás anama a thabhairt dúinn i rith na bliana.

Is mór againn an cineál seo comhoibrithe a éascaíonn Síle Denvir idir scoileanna Dhámh na nDaonnachtaí @dublincityuni.bsky.social
fsg-dcu.bsky.social
Chomhoibrigh an Dr Síle Denvir leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide i mbliana agus Dairena ag céiliúradh a foilseachán nua ‘Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua 2004-2024’.
Scríobh Síle achoimre don leabhar agus rinne sí tionlacan ar léamh an leabhair sa Joyce Centre agus ag Oireachtas na Gaeilge.
fsg-dcu.bsky.social
Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge iontach bródúil as an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ar bronnadh an scoláireacht foilsitheoireachta iomráiteach ón @ria.ie do léann na Gaeilge 2025. Comhghairdeas leat!
fsg-dcu.bsky.social
Ainmníodh @oraghalb.bsky.social ar Bhord @dri.ie le déanaí, is é Brian an PI ar an dtionscadal @logainm.bsky.social & bhí ról lárnach aige sa tionscadal Hidden Heritages a seoladh inné!
Blag: www.gaois.ie/en/blog/colm...
Is Brian an bainisteoir teicniúil ar thionscadail @gaois.bsky.social freisin.
Lá Fhéile Colm Cille: explore the hidden folklore connections between Ireland and Scotland
Seoladh www.hiddenheritages.ai 9 Meitheamh 2025, Lá Fhéile Colm Cille
www.gaois.ie
fsg-dcu.bsky.social
Tá an Dr Deirdre Nic Mhathúna ina cathaoirleach ar Chumann Merriman, is Rúnaí Oinigh Studia Hibernica freisin í. Bunaíodh Studia Hibernica in 1961 agus tá sé dírithe ar léinn na Gaeilge agus na litríochta, stair na hÉireann, agus neart eile nach é.
studiahibernica.ie

www.merriman.ie/en/mar-gheal...
fsg-dcu.bsky.social
Ní chreidfeá go bhfuil 2 mhí ann ó seoladh xn--canint-rya.ie ar an láthair álainn in Ionad an Bhlascaoid!
@unaeb.bsky.social -PI an tionscadail- lárpháirteach in obair ghrúpa taighde Gaois ar an mbéaloideas, dteangeolaíocht chorpais, gcanúneolaíocht agus ar an logainmníocht. Treise leat, a Úna!
fsg-dcu.bsky.social
Lá Taighde na Dáimhe ann Dé hAoine seo thart - Lá den scoth!
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Fiontar & Scoil na Gaeilge i mbun cathaoirleachta ar an lá.
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
unaeb.bsky.social
Bhí Gearóid Ó Cleircín @fsg-dcu.bsky.social @dublincityuni.bsky.social ar an Today Show @rte.ie inné, ag caint faoi obair an Choiste Téarmaíochta, agus faoi théarmaí amhail gaslighting, ghosting, catfishing agus rizz. Ó c.1:31:00 ar aghaidh.

www.rte.ie/player/serie...
Today
Daily magazine show featuring entertainment and celebrity news, consumer advice, and Ireland's biggest giveaways.
www.rte.ie
fsg-dcu.bsky.social
Ar fhaitíos d'achoimre a bheith leathréidh agat, ná bíodh imní ort - cuireadh síneadh beag leis an sprioc seo!
unaeb.bsky.social
Dé hAoine beag seo 30 Bealtaine an spriocdháta don ghairm ar pháipéir.

@fsg-dcu.bsky.social
unaeb.bsky.social
Gairm ar pháipéir: An teangeolaíocht chorpais i dteangacha na hÉireann, 13-14 Samhain 2025. Fáilteofar roimh achoimrí faoin Aoine 30 Bealtaine. Arna eagrú ag @gaois.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social @dublincityuni.bsky.social

www.dcu.ie/fiontarscoil...
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
oraghalb.bsky.social
Delighted to announce our new website www.hiddenheritages.ai/en. The Decoding Hidden Heritages project brings together over 5,500 folktales from manuscript and printed sources. It really is a treasure trove of stories in Gàidhlig, Irish and English. Enjoy! @fsg-dcu.bsky.social @gaois.bsky.social
Decoding Hidden Heritages
Explore the shared linguistic and cultural heritage of Ireland and Scotland
www.hiddenheritages.ai
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
oraghalb.bsky.social
Chuir an DRI mé féin agus an Dr Pádraig Mac Aodhgáin faoi agallamh le déanaí faoin obair thábhachtach bhuanchoimeádta seo. Seachtain na Gaeilge faoi mhaise daoibh! @logainm.bsky.social @gaois.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social @dculibrary.bsky.social @dublincityuni.bsky.social
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
unaeb.bsky.social
Cur síos an-deas anseo san Irish Times faoi thionscadal Canúint @gaois.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social
eocaollai.bsky.social
“... Labhróidh mé libh sa teanga ársa a labhair Pádraig Naofa do thug solas na Fírinne chughainn, an teanga chéanna san go bhfuil bród orm anocht gur fhan sí beo againn ainneoin na géarleanúna, saor ó cheo.” - Mícheál Ó Gaoithín, mac le Peig Sayers, in 1947.
www.irishtimes.com/tuarascail/2...
‘A mhaithe agus a mhóruaisle Gael, atá i gcéin agus i gcóngar...’
Tugann Canúintí na Gaeilge (canuint.ie) léargas ar shaibhreas agus ar chanúintí réigiúnacha na Gaeilge
www.irishtimes.com
fsg-dcu.bsky.social
Beidh ócáid do Scríbhneoirí Cónaithe DCU Muireann Ní Chíobháin (2024) & Réaltán Ní Leannáin (2025) tráth a sheolfar "Tóg Leabhar! Fág Leabhar! Léigh Leabhar!"

Dé Céadaoin 19ú Márta @11am
Seomra Caidrimh Champas Phádraig

Táimid buíoch d'Oifig na Gaeilge @dublincityuni.bsky.social as tacú leis seo
fsg-dcu.bsky.social
Oíche mhór shóisialta Fiontar agus Scoil na Gaeilge d’iarscoláirí agus scoláirí reatha, don fhoireann agus do dhaoine a mbíodh ar an bhfoireann, agus do cairde eile na Scoile.
🗓️agus 🕖: 7pm, Dé Sathairn, 22 Márta 2024.
📍The Fleet Bar, 28 Sráid na Toinne

www.eventbrite.ie/e/fiontar-oi...
Fiontar: Oíche Shóisialta
Oíche shóisialta d’iarscoláirí, scoláirí reatha, foireann/iarfhoireann agus roinnt cairde faoi leith
www.eventbrite.ie
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
unaeb.bsky.social
Le muintir @fsg-dcu.bsky.social ag an seoladh aréir, Fírinne, Colm, Gearóid, Andrea, Daniel is Gearóidín. D'airigh muid uainn sibh @lexiconista.bsky.social is @oraghalb.bsky.social. Comhoibriú uile a bhíonn san obair againn.
@macgearc.bsky.social @danielburke11.bsky.social @gaois.bsky.social
Grúpa DCU ag seoladh Canúint.ie in Ionad an Bhlascaoid ar 7 Márta 2025
fsg-dcu.bsky.social
Cén áit eile in Éirinn a mbeifeá inniubh ach Dún Chaoin!

Seo sampla as Taisce Chanúintí na Gaeilge, ardán nua a sheolfar ar a 16:00 in Ionad an Bhlascaoid, ina bhfuil Peig Sayers agus Mícheál Ó Gaoithín ag caint: www.canuint.ie/ga/QAC000151A

@dublincityuni.bsky.social @gaois.bsky.social
Reposted by Fiontar & Scoil na Gaeilge
darylfeehely.com
Suíomh nua an-spéisiúil! / A very interesting new site!
www.canuint.ie

#gaeilge