Laoighseach Ní Choistealbha
@laoighseach.bsky.social
84 followers 79 following 43 posts
Lagánach, Conallach, Ultach. Ar strae i gConamara. Filíocht, taighde, ealaín agus eile.
Posts Media Videos Starter Packs
laoighseach.bsky.social
Rudaí a bhíodh neodrach bíonn leagan firinscneach agus leagan baininscneach díobh sa ghinideach go minic. i. na talún, an talaimh / an chontae, na contae. Ní raibh a fhios agam go raibh 'scéal' ina measc go dtí anois. Agus 'gaineamh' freisin de réir Uí Dhónaill!
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
imramfeile.bsky.social
FÉILE IMRAM 8-23 SAMHAIN 2025
Tar linn ar aistear mistéireach!

DÁN NA CAILLÍ: SONG OF THE HAGWITCH
CEOLTA: AN HIP-HAP GAELACH
BARD NA PÁIRCE: THE POET OF CROKE PARK
AMHRÁIN NA GEALAÍ: TIONSCADAL PHOEBE BRIDGERS
agus go leor leor eile! Imram.ie
laoighseach.bsky.social
... agus le bheith féaráilte do mo dhuine níl sin á mhaíomh aige. Ach tá sé spéisiúil. Bhí caint cúpla mí ó shin faoin iomarca daoine a bhí ag déanamh PhD i litríocht na Gaeilge freisin seachas PhD i bpleanáil/bpolasaí teanga
laoighseach.bsky.social
Níl a fhios agam faoi ollscoileanna eile, ach bhí cothromas maith ann i nGaillimh idir litríocht, foghlaim na teanga, sochtheangeolaíocht, amhránaíocht, lámhscríbhinní, béaloideas, etc.

Ní aontaím leis an rogha dubh is bán idir 'polasaí' agus 'litríocht' a dtráchtar go minic air...
laoighseach.bsky.social
Liosta thar a bheith spéisiúil agus bhain sé geit asam.

Tá an réamhrá ag Rosenstock, Bhreathnach agus Ó Gairbhí iontach maith agus ardaítear ceisteanna maithe ansin...
laoighseach.bsky.social
Gan an liosta ar fad a sceitheadh...

Cuid de na mórfhilí ní raibh siad ar an liosta in ainneoin go bhfuil leabhair bhreátha i gcló acu ó 2000.

Bhí mé ag súil go mbeadh neart leabhar acadúl ar an liosta. Agus ní raibh. Rud maith

Tá an t-úrscéal stairiúil chomh lárnach sa Ghaeilge!
laoighseach.bsky.social
Díol spéise é liosta na leabhar is fearr ag Comhar! Nílim ag iarraidh an liosta a mhilleadh ar éinne go dtí go mbeidh deis ag daoine é a léamh, ach bhí iontas orm...

Agus is léir go bhfuil cúpla leabhar eile le léamh agam... 📚
laoighseach.bsky.social
Beidh cainteanna agus comhráití ann le mórscoláirí ár linne faoi shaothar Jenkinson agus táimid ag súil leis an lá mhór!
laoighseach.bsky.social
Fáilte roimh achan duine chuig an ócáid seo:

Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama: Céiliúradh ar Shaothar Bhiddy Jenkinson.

Sonraí thíos.

Críochnaíonn príomh-imeachtaí an lae ag a 4.00 ach beidh léamh filíochta/siamsaíochta ina dhiaidh sin.
laoighseach.bsky.social
❤️
sarahwebbwriter.bsky.social
Congratulations to founder of @futafata.bsky.social Tadhg Mac Dhonnagáin - winner of the @childrensbooksireland.ie Award 2025. SO well deserved! 👏👏👏📚📚📚⭐️⭐️⭐️
laoighseach.bsky.social
Níl a fhios agam an luafainn contae eile ar leith ach tá an Lagán chomh difriúil ó iarthar Dhún na nGall... Go leor Protastúnach ann, Ultais le cloisteáil, agus talamh mhéith feirme ar ar oibrigh páistí hireáilte na Gaeltachta fadó. Focal Gaeilge/cultúr Gaelach ar bith*

Foinse: mise
*beagnach
maitiuocoimin.bsky.social
Árainn + Inis Meáin = Gaillimh

Inis Oírr = An Clár
darach.bsky.social
There are lots of patches of Ireland that are nominally County/Province A but their vibes are profoundly County/Province B.

Arklow is far more Wexfordy than Wicklowish.

Louth feels more Ulster than Leinster.

And there are certain parts of Westmeath that are to the east of certain parts of Meath.
laoighseach.bsky.social
An t-aon ghearrscéal Gaeilge ar an ghearrliosta as 2,000+ iontrálacha i nGaeilge agus i mBéarla. Táim ag súil len é a léamh anois! Bulaí fir @niallosiadhail.bsky.social
niallosiadhail.bsky.social
Lúcháir orm a fhógairt gur roghnaíodh mo scéal Corrán na Maidine do ghearrliosta Chomórtas Francis MacManus i mbliana @rteradio1.bsky.social
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
stiofanob.bsky.social
Beidh mé ag caint faoin scéalaíocht agus ag insint cúpla scéal anocht (6pm) i gColáiste Phádraig Mhaigh Nuad mar chuid d'imeachtaí Oíche Chultúir.

Más spéis le daoine bladar i bhfoirm thraidisiúnta 😅
ceilteachomn.bsky.social
Bígí linn d'Oíche Chultúir 2025 (19 Meán Fómhair) i músaem Choláiste Phádraig 6–8 pm.

Pléifidh Dubhán Ó Longáin, Stiofán Ó Briain agus Ré Ó Laighléis litríocht agus scéalaíocht na Gaeilge agus déanfaidh Nada Ní Chuirrín damhsa ar an sean-nós, le ceol ó Chian Ó Braonáin.

@maynoothuniversity.ie
Lógó d'Oíche Chultúir | Culture Night Logo
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
barzazie.bsky.social
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh leabhar nua eile á fhoilsiú againn i mí Dheireadh Fómhair – An Saol Sona le David Foenkinos, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta.

Beidh An Saol Sona ar fáil ar an 17 Deireadh Fómhair 2025. Is féidir réamhordú a dhéanamh anois – nasc sa bio!
laoighseach.bsky.social
Tá mé ag teacht amach as pluais an taighde faoi dheireadh!

Más mac léinn nó oibrí thú i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath... nó má bhíonn tú thart faoin chathair... cuirfear fáilte romhat ag BAIRD IMRAM AR CHAMPAS, 11.30rn, Dé Máirt 23ú Meán Fómhair, sa Trapdoor ar an champas.